Guth Ghoill, Eagrán 67
Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 12 buaille ann i gceart agus na seacht mallacht. Ba iompar den tsórt seo a chuireadh scleondar sa lá fada a bhí ann do ghasúraí óga, agus bheadh briseadh ann ó leadránacht an lae. Ba sin dóigh amháin a bhí ann le luach saothair breise a bheith agat ach bhí na caddies cliste agus bhí dóigheanna eile le cur leis an luach saothair agus is dócha go dtiocfadh leat an ‘supplementary benefit’ a thabhairt orthu. Cha raibh rialacha ná rialúcháin ar bith ag baint le seo --- ba seo córas na gcaddies. Nuair a rachadh cnag is- teach san fhéar fhada bhíodh achan duine istigh ag cuartú, muna cnag d’fhearsa a bhí caillte ba chuma leat agus thiocfadh leat do shál a chur ar an chnag, i ngan fhios den mhuintir eile, dá bhfeicfeá é. Choinneofá marc de chineál éigin ar an áit a raibh an chnag dingthe síos agat agus thiocfá amach i ndiaidh duit an ‘round’ a bheith déanta agat agus gheobhfá an cnag. Dá mba chnag maith a bheadh ann dhíolfá í ar chúpla scilling agus ba tuilleadh airgid a bhí ann le cur isteach i gciste an tí, áit a raibh achan scilling sa chuntas. Bhíodh páipéar deas lonrach ar na cnaganna úra san am sin agus bhíodh carnán cnaganna úra ag na huaisle i gcónaí sna málaí. Cha raibh dóigh ar bith a ndéanfadh siad cúpla ceann acu a chrothnú! Ba mhinic a shiúl cuid mhór cnaganna as na málaí, bhainfí an páipéar daofa agus dhíolfaí iad go minic leis na daoine arbh leo iad. Is dócha gur ghnáth leis na scéalta seo uilig a theacht amach i mbosca na faoistine! An Chleasaíocht i dTeach na gCaddies. Bhí sé de ghnás ag máistir na gcaddies a dhul go dtí an Óstán ag am lóin agus chan mórán moille a dhéanfadh sé. Ansin ar theacht thar n-ais dó shuíodh sé ar an léa- na faoin ‘tee’, tharraingeodh sé a bhairéad anuas ar a shúile agus dhruideadh sé na súile le go mbeadh spailp chodlata aige. Bheadh rudaí ciúin fá’n am seo agus bhaineadh sé de na bróga ach sula dtitfeadh sé thart ina chodladh deireadh sé le duine de na caddies mhóra, stócach inteacht a dtiocfadh leis brath air, súil a choinneáil ar rudaí dó. Níl fhios agam an raibh a leithéid de stócach fán áit a dtiocfadh leis brath air ach ar aon nós níl feidhm a lua nach raibh an diabhalaíocht ná an chleasaíocht i bhfad ó intinn na gcaddies am ar bith. Corruair nuair a measadh go raibh Stephen ina Sna Chéad bhlianta den chaddyáil, i bhfad roimh an s ’ againne, bhí ar na caddies suaitheantas (badge) a chaitheamh, ar a raibh uimhir greanta, mar atá sa phictiúr. Bhí an suaitheantas déanta de mhiotal agus R.G.C. (Rosapenna Golf Club) greanta air comh maith. Bhíodh a uimhir fhéin ag achan chaddie agus is dócha gur dóigh a bhí ann ina dtiocfaí súil a choinneáil ar na caddies dá ndéanfadh siad a dhath as bealach. Bhí sé níos fusa ag na h - uaisle cuimhne a choinneáil ar uimhir seachas ainm.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3