Guth Ghoill, Eagrán 67

Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 13 chodladh dhéanfaí iallacha na mbróg a cheangal le chéile. Ansin ligfí scairt go raibh ‘Mrs Catherwood’ (bean an úinéara) ar a bealach aníos; mhúsclódh Stephen suas de léim agus is cinnte go mbeadh sé fríd a chéile; ansin thosódh sé agus é ar a dhícheall ag iarraidh na bróga a chur air agus an snaidhm ar na hiallacha a réiteach, snaidhm a bhí comh teann sin go dtiocfadh leat an Queen Mary a cheangal léi. Ansin bhíodh fiosrúchán agus ceisteanna le fáil amach cé a bhí ciontach ach dar ndóigh bhí an ‘omerta’ i bhfeidhm i measc na gcaddies ar eagla go mbainfeadh Stephen díoltas amach, thiocfadh leis tú a fhágáil ar do thóin go ceann fada go leor. Olc is mar bhí seo dhéanfaí níos measa ná seo in amanna. Corruair d’fhág- fadh sé na bróga air agus ansin sa chás seo cheanglófaí na hiallacha dá chéile. Ansin nuair a dhéanfaí an scairt d’éireodh sé le driopas agus d’fhágfaí é sínte ar mhullach a chinn. Ach tháinig deireadh le seo uilig nuair a fuair Stephen amach cé a bhí taobh thiar den chleasaíocht seo uilig -- caithfidhse go raibh ‘supergrass’ inár measc. Is cinnte gur chuir seo isteach orthusan a bhí ciontach, tháinig teora leis an méid caddyáil a rinne siad, chan fhuair siad anois ach naoi bpoll leis na ‘runners’ dá mbeadh an t -ádh orthu. Na ‘Runners’. ‘Séard a bhí sna ‘runners’ ná galfairí nach mbeadh baint ar bith acu leis an óstán ach a thagadh ansin fá choinne round gailf a imirt. Cha raibh an oiread sin acu ann ach bhí ochtar a thagadh ansin go rialta as Baile na nGallóglach, corruair ar an Chéadaoin ach go minic tráthnóna Dé Sathairn. ‘Sé an deacracht is mó a bhíodh leis na ‘runners’ ná nach raibh siad maith ag íoc agus bhí cuid acu nach raibh thar mholadh beirte ó thaobh an ghailf de. Ba ghnáth le cuid de na caddies a dhul i bhfolach nuair a d’fheicfeadh siad iad ag teacht. Bhí an t-ádh ormsa mar gur ghnáth liom caddyáil do Mc Mahon as Baile na nGallóglach, an fear a raibh an garáiste aige. Ba charachtar iontach a bhí ann agus chan fhaca mé stíl puttála ag galfaire ari- amh a bhí comh haistíoch leis an stíl a bhí aigesean. Ba ghnáth leis greim a fháil ar an phuttéar leathbealaigh síos; glún amháin Caddies ag Ros na Binne 1922. Doimnic Ó Conchúir as an Mhaol Rua (ina shuí), ach a chaith a shaol pósta i Ros na Binne, agus ina sheasamh ag a thaobh tá Johnny Mac Suibhne as baile Carraig Airt (deartháir le James Sweeney, d ’ oibrigh Johnny i mbádchlós Mhíobhaigh sular imigh sé go Meiriceá

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3