Guth Ghoill, Eagrán 67
Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 14 iompaithe soir; an ghlún eile iompaithe siar agus é cromtha síos os cionn an chnaig; ach d’aimsigh sé an poll i gcónaí. Sin an tuige a raibh an ciste i gcónaí bainte aige roimh an deireadh agus bhí mo sheacht agus sé pingine sábháilte. Mar a luaigh mé bhí cuid de na ‘runners’ seo nach raibh mórán de na caddies ag iarraidh a dhul leofa, drochchaighdeán gailf agus cha raibh siad maith ag íoc. Ba ghnáth le Stephen na málaí seo a thabhairt do na caddies nach raibh ‘ag díol’ a mbealach. Bhí an garda Mc Intyre as Baile na nGallóglach ar dhuine acu seo fosta, cha dtiocfadh leat brath air ó thaobh an ghailf de, thiocfadh le par a bheith aige ag poll amháin agus naoi nó deich ag an chéad pholl eile. Fear eile as Baile na nGallóglach a bhíodh leo ná an Dr. Mac Gairbheith, bhí sé iontach dáiríre faoina chluiche agus bhíodh caidreamh mór aige lena chaddie i gcónaí. Is dócha, ar dhroch lá anois, go mbeinn fhéin ar chomhchéim le Mc Intyre ach is minic fosta, i mo chlub gailf fhéin anseo i Bexhill on Sea ar tugadh an ‘bandit’ orm, go háirithe dá mbainfinn an t-airgead. Lady Graham. B’í an bheanuasal ar chaddyáil mise díthe achan bhliain ná Mrs Graham. Is maith an chuimhne atá agam ar thráthnónta grianmhara Samhraidh a suífinn fhéin agus cúpla caddie eile thíos os comhair an óstáin ag feitheamh leofa a theacht amach as an óstán, áit a mbeadh siad ina suí ag ól té agus ag ithe cácaí milse. Ansin thiocfadh mo bhean uasalsa Lady Graham amach agus léithe ina dá lámh bheadh traidhfil de na cácaí milse seo le tabhairt dá caddie, cácaí a mbíodh uachtar deas milis agus seacláid ar a mbarr-- lasfadh mo shúile suas le háthas. Dhéanfainn iad a rann leis an chúpla caddie eile, dar ndóigh, agus ar aghaidh linn ansin go dtí an 10ú tee fá choinne na naoi bpoll sa ‘valley’ a imirt agus muidinne go fóill ag baint sásamh as na cácaí agus is dócha go mbíodh thart fán bhéal maisithe ag uachtar agus ag seacláid. Cha bheadh mórán tuisceana, airde ná suime againne don chomhrá a bhíodh ar siúl eatarthu fhéin ach bhíodh muid plúchta ag an toit a thagadh as na toitíní mar gur chaith a mbunús go trom na blianta sin. Bhí dhá mhadadh den phór Westie ag Lady Graham -- Mandy a bhí ar cheann acu agus Penny ar an cheann eile. Chuaigh Penny as amharc síos poll coinín am amháin agus bhí sé thíos ansin trí lá sular tugadh tarrtháil air. Bhí a gcuid galfairí rialta bliantúla fhéin ag furmhór na gcaddies. Bhí cuid mhaith de na boic mhóra seo a thagadh anseo a raibh teideal ón airm acu – coirnéil, captaein, briogaidírí (brigadiers) agus maoir (majors) agus dar ndóigh bhí bodaigh mhóra ó chúlraí éagsúla eile, gan trácht ar thiarnaí agus ar bhantiarnaí, iad uilig ag
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3