Guth Ghoill, Eagrán 67
Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 15 tarraingt ar an óstán sna carranna ba luachmhara dá raibh ann ag an am. Le linn domh a bheith i mo shuí sa ghrianán anseo ag scríobh an phíosa seo tchím an bhroinndearg ag eitilt thart agus ábhar tógála ina béal, seo éan iontach cliste, tógann sí cúpla nead – cúpla nead le daoine a mhealladh agus ansin an fíornead díthe fhéin. Tá sé deas a bheith i do shuí i dtimpeallacht thaitneamhach chumhra, ag baint sásamh as an dúlra agus as grian an tSamhraidh. Ach chan ar an bhroinndhearg atá m’aird an tráthnóna Samhraidh seo ach ar rós ar leith a dtugtar an Ena Harkness air, atá ainmnithe do bhean uasal ar ghnáth léithe cuairt a thabhairt ar Óstán Ros na Binne go rialta. Chuirfeadh sí fuíthi in áit ar a dtabharfadh siad na ‘Flats’, bhí siad seo suite i ngar don óstán mar go raibh siad mar pháirt don óstán agus ba an- seo a chuirfí na teaghlaigh mar nach mbeadh cead ag páistí a bheith ag fanacht sa phríomh óstán. Bhí mo mháthair Winnie ina bean tí ansin, go ndéana Dia trócaire uirthi. Ar an suíomh seo inniu tá Óstán mór nua-aimseartha Ros na Binne. Tháinig galfairí cáiliúla ón PGA ansin go dtí an óstán i m’amsa fosta. Ba ghnáth le ‘pitch and putt’ dá gcuid fhéin a bheith ag na caddies san am sin fosta agus bhíodh a gcuid comórtas fhéin acu anois is arís, go háirithe nuair a bhíodh an caddyáil sórt ciúin. Is cuimhin liom ar ócáid amháin acu seo agus comórtas againn eadrainn fhéin, bhí mise réidh leis an chnag a bhuaileadh nuair a tháinig an ghabaireacht cainte ón ochtú poll déag, bhí an poll seo in aice láimhe, agus nuair a d’amharc muid thart cé a bhí ann ach Peter Alliss agus a chairde. Mhol sé mé fhéin as an dóigh nádúrtha a bhí agam agus mé ag úsáid an bhata – chuidigh seo go mór leis an ego ach níl mé cinnte ar chuidigh sé leis an ghailf !! Bhí galfairí proifisiúnta eile thart fosta – Peter O Connor Jun. Dai Rees, John Cassidy agus tuilleadh. Uair amháin le linn domh a bheith sa bhaile chuaigh mé amach ar mo chuid fhéin le cúpla poll a imirt ar an tseanchúrsa. Bheir beirt suas liom ag an ‘tee’ don 7ú poll, sin os cionn Loch a’ Villa, agus lig mé dóbhtha dhul ar aghaidh. Bhuail an stócach óg seo a chnag agus d’fhág sé í cúpla slat gairid ón phlásóg, a leithéid de bhuille. Fuair mé amach ina dhiaidh sin gur Rory Mc Elroy agus a athair a bhí.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3