Guth Ghoill, Eagrán 67

Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 16 Eoghan Ó Luadhóg. Rugadh cúpla do Sheán Ó Luodhóg ( Johnnie Phádraig Shéamais) agus dá bhean Winnie Mhicí John (Nic Giolla Bhríde) i nDún Dúbháin ar an ochtú lé fichid de Dheireadh Fómhair 1940. Tugadh Eoghan ar dhuine amháin acu agus James ar an duine eile ach ar an drochuair fuair James bás de mhein- ingíteas nuair nach raibh sé ach ocht mbliana d’aois. Ba ar Scoil Mhíobhaigh a fuair Eoghan a chuid oideachais i dtús báire agus ina dhiaidh sin ar Choláiste Naomh Adhamhnáin agus ar an Ghairmscoil i Leitir Ceanainn. Chaith sé tamall fá bhaile ansin agus bhí sé breá gníomhach sa phobal áitiúil, áit ar ghlac sé páirt i ndrámaí. D’oibrigh sé ar feadh tamaill fosta sa bharra in Óstán na Trá. Ach faraor, chuaigh sé an bealach a deachaigh na mílte roimhe, bealach na himirce. Tá an saol a chaith sé thall le fáil in eagrán 17 de Ghuth Ghoill. Tá sé ina chónaí anois lena bhean in Bexhill on Sea in East Sussex agus é ar a sháimhín só. Beirt de chlann atá aige, beirt ghirseach Caroline agus Saman- tha. Téann sé amach a ghalfáil uair nó dhó sa tseachtain ina chlub áitiúil. Sa phíosa seo cuireann sé síos ar shaol an chaddie ag Óstán Ros na Binne na blianta sin fada ó shin. An cúpla, Eoghan agus James

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3