Guth Ghoill, Eagrán 67
Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 17 Cha shílim go raibh duine ar bith a rugadh is a tógadh in iarthuaisceart Thír Chonáil sa chéad leath den chéad dheireanach nár chuala iomrá de shórt inteacht fá Bhád Dhoire. Leoga bheifeá ag streachailt scór duine a fháil i bparóiste ar bith nach ndearna siad fhéin nó duine de theaghlach s ’ acu turas ar an bhád sin ó Dhoire go Glaschú nó a mhalairt. Is fada an lá ó thosaigh an ceangal sin. Thiocfadh leat dul ar ais go tús an naoú aois déag agus níos faide le ceangal a fheiceáil idir Tír Chonáil agus Albain. ‘ Sé bádaí seoil an modh taistil a bhí ann go dtí go dtáinig na bádaí gaile ar an mhargadh. Thart faoin bhliain 1820 cuireadh seirbhísí rialta ar bun don phobal le hiad a thabhairt an 139 míle idir Glaschú agus Doire. Ag an am tharraing an bád isteach le paisinéirí a thógáil ag Bun an Phobail (Moville) Port Rois, (Port Rush), Clochán na bhFomhórach (Giant ’ s Causeway) agus Cambeltown agus ghlac an turas dhá uair is fiche (22). Sa leabhar ‘ Róise Rua ’ tá tagairt déanta de na bádaí seoil ag dul isteach go dtí céidh na nDúnaibh le paisinéirí a thógáil. Faoin am seo bhí daoine ag baint triail as gal mar mhodh tiomána do na bádaí agus char ghlac sé i bhfad do lucht gnó Dhoire tábhacht na gaile seo a thuigbheáil. Chonaic siad go gcuideodh na bádaí seo le trádáil leis an Bhreatain a fhorbairt. Sa bhliain 1829 ceannaíodh an chéad long gaile don phort, an bád rotha 136 tonna, an ‘ Foyle ’, leis an turas go Glaschú a dhéanamh. Sa bhliain 1836 bhí trí bhád ar an mhuirbhealach sin. Sheol an Foyle ó Dhoire achan Satharn agus sheol an St Columba agus an Rover achan Mháirt agus Déardaoin. Ghlac an turas idir 18 agus 20 uair faoin am sin. In 1850 bá scilling an táille a bhí ar an turas agus bhí 8,000 daoine ag taisteal achan bhliain.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3