Guth Ghoill, Eagrán 67
Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 18 Chuidigh an tseirbhís seo go mór le daoine a bhí ag iarraidh bochtanas Thír Chonaill a sheachaint agus saol níos fearr a shaothrú dóbhtha fhéin. Scaipeadh muintir Thír Chonaill ar fud an domhain ach chuaigh na mílte acu go Glaschú agus ghlac siad ceantair den chathair sin dóbhtha fhéin agus chuir siad pobail Éireannacha ar bun. Sa bhliain 1851 thosaigh Alexander Laird seirbhís ó Ghlaschú go Doire ach bhí an trácht chomh maith sin gur thosaigh Comhlacht Bád - ghaille Burns ag cur seolta d ’ eallaí ar fáil dhá uair sa tseachtain fosta. Tharla cogadh trádála idir an bheirt sin agus thit an luach don stíris go scilling. Faoin bhliain 1868 tháinig deireadh leis na comhlachtaí áitiúla eile nach raibh ábalta dul i gcoimhlint leis na longa a bhí níos gaiste, agus ag a raibh ná táillí ísle seo. Faoin bhliain 1901 bhí seirbhís ceithre uaire sa tseachtain ag longa Laird agus dhá sheoladh eile ag Burns. Sa bhliain 1922 rinneadh comhchean- gal idir an dá chomhlacht agus bunaíodh Líne Burns & Laird. Forbairt Turasóireachta Níl dabht ar bith ná gur chuidigh Burns & Laird go mór le turasóireacht i dTír Chonaill. Tharraing Aonach na hAlban i Mí Iúil agus i Mí Lúnasa bádaí, a bhí plódaithe le daoine, go Doire. Lean seolta paisinéirí ó Dhoire go Glaschú ar aghaidh go dtí na seascaidí agus sheol an ceann deireanach amach ó chéidh Dhoire i 1966. Chuir seo deireadh leis an turas farraige ó Dhoire go Glaschú a mhair 137 bliain. Cnuasach Bigger & McDonald . Le córtas Libraries NI. Bád Dhoire réidh le fágáil
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3