Guth Ghoill, Eagrán 67
Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 19 Thart fá chéad bliain roimh an turas brónach sin bhí timpiste idir dhá bhád paisinéirí ar an Fheabhail. Tharla seo ar an 20ú Meán Fómhair 1865 idir an Garland agus an Falcon. Bhí an Garland ag dul amach ó Dhoire le lasta eallach agus leathchéad paisinéir. Bhí an Falcon ag teacht ó Ghlaschú ag iompar oibrithe séasúracha a bhí ag teacht na bhaile. Dhá bhád gaile a bhí iontu agus bhuail an Garland clébhord tosaigh an Falcon. Cailleadh seacht nduine dhéag, beirt sa timpiste agus bádh cúigear déag. Nuair a ghlacann tú san áireamh go raibh ceangal farraige 137 bliain idir an da chathair is féidir a rá go raibh stair shábháilteachta fíor mhaith ag baint leis. I dtaca le muintir Ros Goill de chuala mé fá go leor daoine a shiúl go dtí an Chraoslach leis an traein a fháil isteach go cathair Dhoire. Bhíodh an traein plódaithe le muintir na Rossa, muintir Ghaoth Dobhair agus muintir Chloich Cheannfhaola. Bhíodh na suíocháin uilig glactha agus mar sin de bhíodh an chuid is mó de na daoine a chuaigh ar an traein ar an Chraoslach ina seasamh rith an bhealaigh go Doire, go hairithe na fir. Chuala mé scéal faoin traein sin, cé acu fíor nó bréagach é, go raibh ar na paisinéirí teacht den traein, nuair a bhí sí ag dul suas malaigh, agus bhíodh orthu a dhul ag siúl. Cibé ar bith nuair a rachadh siad isteach go Doire gheobhadh siad lóistín oíche dá mbeadh scilling le spáráil agus rachadh siad ar an bhád ar maidin. ‘ The Scotch Boat ’ a thug muintir Dhoire uirthi agus ‘ The Derry Boat ’ a thug muintir Ghlaschú uirthi agus, más buan mo chuimhne, char chuala mise ach ‘ The Derry Boat ’ ó mhuintir Thír Chonaill fosta. D ’ fhágfadh an bád céidh Dhoire agus í lán eallaigh agus bheadh na paisinéirí ag éisteacht le búireach na mbó a fhad le Glaschú. Nuair a thiocfadh an bád ar ais ó Ghlaschú bheadh bolg na loinge, ina raibh na ba, glanta amach agus í lán de phaisinéirí anois, de réir cosúlachta bhí an boladh tréan ar fad agus bheadh na sluaite tinn. ‘ The Lairds Loch ’ an t - ainm a bhí ar an bhád a bhí ag reáchtáil ó 1944 go dtí 1966 nuair a stad sí ó bheith ag iompar paisinéirí. Tógadh an bád sin i longlann Ardrossan cóngarach do Ghlaschú don Roinnt póstaer & bróisiúr faoi Burns & Laird - cartlanna chathair Ghlaschú
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3