Guth Ghoill, Eagrán 67
Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 2 Nuair a bhí mé i dtrátha seacht mbliana d ’ aois bhí mé amuigh ag buachailleacht maidin amháin agus bó ghorm faoi mo chúram. Cha raibh ach trí bhó ag m ’ athair, bó dhonn agus bó dhubh a bhí sa bheirt eile agus leoga bhí siad uilig a dhíobháil mar tógadh dosaen de theaghlach i dteach beag s ’ againne. Bhí mo dheirfiúr Bríd ag coinneáil súil ar an bhó dhonn, bó a bhí chomh ciúin soineanta le huan agus bhí an bhó dhubh, bó níos ciúine arís, ina pheata faoi smacht Thomáis, mo dheartháir. Cibé ar bith bhí an bhó ghorm crosta go leor agus de thairbhe sin tugadh domhsa í mar go bea mise an duine ab óige den triúr. ‘ Sé ’ n gnás a bhí ann ag an am ná na ba a thabhairt amach ón bhóitheach roimh am scoile agus iad a chur ag innilt thart ar imill na gcuibhreann nó na ngarraithe ina raibh barr ag fás. Bhí Bríd agus a huan de bhó i ngarraí na bprátaí. Cha dtiocfadh leat bó chrosta a ligean isteach ansin mar dá mbrisfeadh sí ar shiúl uait bheadh na barraí uilig briste agus cha bheadh práta beag ná mór agat don Gheimhreadh. Bhí Tomas agus an peata go suaimhneach sa gharraí ina raibh an cabáiste, na tornapaí agus na glasraí eile ag fás. Bhí mé fhéin is an diabhal de bhó ghorm Clár: Coirnéal Nan 2 Blianta an Chaddyáil 8 Bád Dhoire 17 An Coileach i bPurgadóir 24 Gáinne Mór — Seanphictiúr 28 Muisleac - Seanphictiúr 28 Ar an Chludach : Páistí ar Chéidh Dhoire, 1963. Lucht na hImirce .
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3