Guth Ghoill, Eagrán 67

Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 20 chomhlacht Burns & Laird agus rinne siad é a lainseáil ar an 9ú lá de Mhárta 1940 agus thosaigh sí ar thuras ó Dhoire go Glaschú i 1944. 275 troigh ar fad a bhí sí agus bhí cumas 13 míle farraige (knots) inti. Bhí spás do chúpla céad paisinéir, agus áit chodlata dóibh sin a bhí sa chéad aic- me. Bhí ar an bhád seirbhís trí huaire sa tseachtain a chur ar fáil an dá threo, ó Dhoire go Glaschú agus ó Ghlaschú go Doire. D ’ fhágfadh sí Glaschú ag a seacht a ’ chlog tráthnóna agus cheanglódh sí suas le céidh Dhoire thart fán sé ar maidin, ag bráth ar an aimsir. Chuaigh sin ar aghaidh go dtí ’ n 10ú Meán Fómhair 1966 nuair a stad sí ag iompar paisinéirí. I ndiaidh ollchóirithe a mhair coicís i longlann Ardrossan chuaigh an ‘ Lairds Loch ’ go sealadach ar seirbhís thar - oíche idir Glaschú agus Baile Átha Cliath. Nuair a tháinig an gnáth bhád ‘ The Irish Coast ’ ar ais ar an turas sin chuaigh an ‘ Lairds Loch ’ ar ais ar an turas idir Doire agus Glaschú ach an t - am seo gan paisinéirí ach í ag iompar lasta ginearálta agus eallaí. Chuaigh seo ar aghaidh suas go deireadh 1968. Mhothaigh léar daoine, nuair a briseadh an ceangal idir an dá chathair go hiomlán ag deireadh na seascaidí, go gcuirfeadh sin deireadh le Doire mar chalafort agus leis an traidisiún trádáil mairnéalachta a mhair ar feadh na mblianta. Rinne páipéir nuachtáin na cathrach trácht ar thuras deireanach an ‘ Lairds Loch ’ le paisinéirí i 1966 mar ócáid bhrónach agus chuir an aimsir fhliuch cuma ní ba ghruama ar an rud ar fad. Fear darbh ainm Cambell a bhí mar chaptaen don turas brónach seo agus dúirt sé gur ócáid throm a bhí ann do fhéin mar go raibh sé ag teacht is ag imeacht ó chéidh Dhoire le tríocha bliain. Bhí sé ag tiontú a dhroim anois is ag fágáil cairde ina dhiaidh. Nuair a bhí an t - am ag tarraingt ar a seacht a chlog séideadh an bonnán le hinsint go raibh an bád ar tí imeacht. Bhí scaifte mór ar an chéidh le Bád Dhoire a fheiceáil ag tarraingt amach. Stáisiún traenach ar an Chraoslach Stáisiún traenach Ghaoth Dobhair

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3