Guth Ghoill, Eagrán 67
Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 21 Scríobhadh sa ‘ Derry Journal ’ faoin turas deireanach, “ her siren blew long, mournful blasts … as she went out of sight and into history ’. Is í ag imeacht bhí an ceol ‘ Will ye no ’ come back again? ’ le cluinstin ar an chéidh i nDoire. I measc na bpaisinéirí ba shine bhí baintreach 70 bliain d ’ aois darbh ainm Rose Morrison a rinne an turas achan bhliain le ar feadh seacht mbliana agus trí scór. Dúirt Rose nach raibh a fhios aici cén dóigh a mbeadh sí ag taisteal ó sin amach. Cha raibh Rose léi fhéin i dtaca le sin de mar tháinig na mílte ó Albain go Tír Chonaill achan bhliain sa dóigh is go mbeadh an Samhradh in Éirinn ag na páistí. Sé ’ n rud a thig liom a rá ó mo thaithí fhéin ar bhád Dhoire, - bhí mé air achan bhliain ó 1953 go 1963, agus cé nach raibh ionam ach gasúr - go raibh an craic níos fearr ag teacht ó Ghlaschú go Doire mar go raibh muid ar ár gcuid laethanta saoire ach ag dul an treo eile bhí an Samhradh thart agus an scoil ag fanacht orainn. Rachadh muidinne ar an traein i stáisiún Waverly i nDún Éideann an lá céanna is a druideadh na scoileanna achan bhliain agus cha mhothódh muid an turas go Glaschú bhí an oiread sin lúcháir orainn a bheith ag teacht go Tír Chonaill. Bheadh scuaine fada ar an chéidh i nGlaschú ag feitheamh ar an rópa a bheith tógtha ón chlord (gangplank) agus ansin bheadh táinrith fiánta de pháistí isteach ar an bhád le háit mheasartha chompordach a fháil don teaghlach. Má bhí an t - ádh ort agus suíochán fút agus do chóta ar shuíochán eile, b ’ fhéidir an rud Cnuasach Bigger & McDonald . Le córtas Libraries NI.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3