Guth Ghoill, Eagrán 67

Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 22 céanna déanta ag do dheartháir is do dheirfiúr, bheadh ort fanacht ar do mháthair ansin sula mbeifeá saor le dul ag pramsáil thart ar an bhád. Sé ’ n chéad rud a bheadh a dhíobháil ort ná píosa aráin le caitheamh chuig na faoileogaí a bheadh ag leanstan an bháid. Tá mé den bharúil gur lean cuid acu an bád rith an bheal- aigh go Doire ach cha dtiocfadh liom a bheith cinnte mar thitfinn i mo chodladh nuair a d ’ éiríodh sé dorcha. Dá mbeadh oíche gharbh ann bheadh léar daoine tinn agus gan leigheas ar bith i ndán do na créatúir ach céidh chrua Dhoire faoina gcosa. I dtaca leis an Lairds Loch de char cuireadh deireadh le scéal an bháid seo nuair a stad sí ag taisteal idir Glaschú agus Doire i 1968. Chan rud é go bhfuil a fhios ag léar daoine go raibh ceangal díreach ag an bhád sin leis an choimhlint idir Iosrael agus na hArabaigh mall sna seascaidí agus ag tús na seachtóidí. I mí Eanáir 1969 díoladh an Lairds Loch le comhlacht Iosraelach (Israeli) Sefinot Teoranta. San áireamh san díolachán bhí gréithe agus fearas iomlán an bháid. Thug an comhlacht Iosraelach an t - ainm Heyu Daroma don bhád agus thosaigh sí ar an turas farraige idir Eilat san Iosrael agus Sharm el - Sheikh, cathair Eigipteach agus áit mhór turasóireachta ar an phointe deisceartach de leithinis Sinai. Rith an tseirbhís seo trí uaire sa tseachtain agus ghlac sé ocht n - uaire don turas. Ar an 3ú lá de mhí Mheán Fómhair 1970 d ’ fhág an bád Eilat le lasta fíoruisce ach uair amháin istigh sa turas bhuail sí carraig. Sábháladh an fhoireann ach theip orthu an bád a thógáil ón charraig agus chuaigh sí go grinneall agus tá sí anois mar pháirt de thuras longbhriste achan bhliain. Fágfaidh mé an focal scoir ag Róise Rua fá Bhád Dhoire. Ina beathaisnéis a scríobh Pádraig Ua Cnáimhsí chruthaigh Róise Rua pictiúr iontach de thuras ó Ghlaschú go Doire. ‘ Mar a bhíos go minic fá Shamhain bhí cuma cholgach go leor ar an tráthnóna agus mé ag fanacht leis an bhád ag Grianóg. Tháinig an soitheach anuas as Glaschú i dtrátha a seacht a chlog, agus bhí dhá uair eile le fanacht agam sular sheol sí ina dhiaidh sin. Ceithre scillinge a dhíol mé ar mo thicéad as Grianóg go Doire. Bhí an oíche ann ag fágáil Ghrianóige dúinn. Ní raibh aithne agam ar aon duine a bhí ar an bhád an oíche sin, ach bhuail mé chun comhraidh le scuad de lucht préataí as Anagaire a bhí ag pilleadh chun an bhaile. Bhí sé le tabhairt fá deara an difear a bhí idir daoine ag gabháil anonn ar an bhád go Glaschú agus mar a bhíodh siad ar a mbealach anall. Bhí aoibh an gháire ar gach duine acu anois, agus ba mhinic smúid nó lorg na suóg ar an aghaidh acu agus iad ag gabháil anonn. Bhí beár an tsoithigh foscáilte i ndiaidh dúinn Grianóg a fhágáil agus bhí corrdhuine de na fir a bhí linn súgach go leor. Am inteacht i dtrátha an mheán oíche, thosaigh an oíche ag éirí garbh. Bíonn eagla ar dhaoine i gcónaí a bheith amuigh ar an fharraige ina leithéid de gharbhadas, ach is measa seacht n - uaire é i ndiaidh na hoíche. Ar mhéad is a bhí d ’ eagla orainn níor fhéad muid dul suas ar an deic i rith na hoíche. Bíodh is go raibh muid iontach tinn ní raibh uchtach ag aon duine againn corraí ón áit a raibh muid inár suí nó inár luí. Ní raibh aon

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3