Guth Ghoill, Eagrán 67
Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 24 Bhí sé ráite fadó nach raibh purgadóir ar bith anseo in Éirinn agus go mbeadh na daoine a fuair bás, is nach deachaigh díreach suas ‘ na bhFlaithis nó díreach síos go hIfreann, fágtha ag spaisteoireacht thart mar anamacha caillte agus gur sin an fáth go raibh an oiread sin taibhsí faoin áit. Tráthnóna amháin mall san Fhómhar bhí beirt as uachtar na paróiste seo ina suí ar chlaí ag amharc anuas ar an Mhaoil Ruaidh. Níl a fhios ag duine ar bith sa lá atá inniu ann caidé na hainmneacha a bhí orthu, ach ar mhaithe leis an scéal bhéarfaidh mé Barnaí agus Séamaí orthu. Cibé ar bith bhí buidéal poitín ina lámh ag achan fhear acu. Bhí buidéal Bharnaí leath - lán go fóill ach cha raibh fágtha i mbuidéal Shéamaí faoin am seo ach an gríodán. Bhí Barnaí breá aosta agus bhí ribí de ghruaig liath ag gobadh anuas as faoina bhairéad. Sheas sé agus lig sé osna phianmhar as agus shín sé a lámha amach. “ Ó. A Thiarna, ” a dúirt sé, “ nach maith duitse a Shéamaí, go bhfuil tú i mbláth d ’ óige. Tá m ’ anamsa réidh le mé a thréigean .” “ Ná bí ag caint mar sin, ” arsa Séamaí, “ cuireann an cineál sin cainte isteach orm. ” “ Cad chuige? ” arsa Barnaí. D ’ amharc Séamaí air. “ Mar ní maith liom a bheith ag caint faoin bhás. ” “ Arú amaidí, ” arsa Barnaí. “ Nach bhfuil fear an bháis leat achan lá ag amharc thar do ghualainn ag feitheamh ar an deis go díreach. ” Chaith Séamaí siar an ghríodán agus sheas sé le fearg. “ Stad den chineál sin pis- reoige, ” a scairt sé. “ Níl a leithéid de rud ann. ” Thosaigh Barnaí ag gáire. “ Nach bhfuil anois, bhail, éist thusa liomsa a stócaigh, níl lá dá dtéann thart nach mothaímse a anáil ar mo mhuineál. Agus inseoidh mé an méid seo duit, a dhiúlaigh na feirge, is cuma sa diabhal liom fá dtaobh de. Beidh mise breá sásta dul isteach sa chónair agus scíste na síoraíochta a thabhairt do mo sheanchnámha. Caidé do bharúil de sin? ” Cha raibh focal ag teacht ar ais ó Shéamaí. Shuigh sé ar an chlaí arís go díreach is d ’ amharc sé isteach ina bhuidéal folamh. “ Nach bhfuil rud ar bith le rá agat, ” arsa Barnaí agus shuigh sé ar an chlaí in aice le Séamaí. Chaith Séamaí an buidéal folamh uaidh agus lig sé osna uaidh. “ Caidé atá ort? arsa Barnaí leis. “ Seo inis dod chara. Nach bhfuil aithne agam ort ó bhí tú i do lapadán ag cur achan sórt clábair i do bhéal. ” Shuigh Séamaí mar a bheadh balbhán ann agus bhí a fhios ag Barnaí go raibh rud éigin ag cur
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3