Guth Ghoill, Eagrán 67

Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 25 isteach ar an fhear óg. Shín Barnaí a bhuidéal chuig Séamaí. “ Seo chu- gat, ól seo, déanfaidh sé maith duit. ” Ghlac Séamaí an buidéal, shlog sé siar bolgam maith den phoitín agus ansin d ’ amharc sé ar Bharnaí. “ An bhfuil a fhios agat caidé atá ag cur isteach orm, a Bharnaí? ” “ Níl a fhios, ” arsa Barnaí agus las sé a phíopa. Cha raibh smid gaoithe ann agus d ’ éirigh an toit suas díreach thar chloigeann Bharnaí. Bhí Séamaí ag amharc ar an toit. “ Níl a fhios agam, a Bharnaí, muna dtiocfadh gaoth ar bith an rachadh an toit sin suas a fhad leis na Flaithis. ” “ D ’ amharc Barnaí suas ar an toit a bhí ag imeacht uaidh. “ B ’ fhéidir go rachadh ach tá mé den bharúil go bhfuil na Flaithis píosa maith ar shiúl.. ” “ Is dócha go bhfuil, ” arsa Séamaí, “ ach éist liom, a Bharnaí. Is fear cliste thú. ” “ Bhí Barnaí breá sásta le sin a chluinstin. “ Is dócha go bhfuil mo chuid fiacla, an méid atá fágtha agam, fada go leor le heolas a bheith agam ar chorr rud thall is abhus. ” “ Nach cinnte go bhfuil, ” arsa Séamaí, “ anois, inis seo domh, ” agus shín sé a mhéar in airde. “ An rachadh an toit sin fríd Phurgadóir sula a rachadh sé a fhad leis na Flaithis. ” Chuir Barnaí a lámh ar a smig. “ Sin ceist mhaith, ach, a Shéamaí, a ghasúir, bhí sé i gcónaí ráite ag an tseanmhuintir thart anseo nach raibh a leithéid de rud ann is Purgadóir, agus bheinnse den tuairim chéanna. ” “ Cuir i gcéill go bhfuil se ann, ” arsa Séamaí. “ Mmmm, ” arsa Barnaí agus é ag tochas a smige. “ An bhfuil freagra agat ar an cheist sin? ” arsa Séamaí go mífhoighdeach. Chaith Barnaí seileog ar an talamh. “ Humph! ” a dúirt sé. “ Char cuireadh ariamh ceist orm nach raibh freagra agam di. ” D ’ éirigh Barnaí ón chlaí agus sheas sé mar a bheadh fear den uaisleacht ann. Shéid se toit san aer arís agus d ’ amharc sé ar Shéamaí. “ Níl muid ach ag cur i gcéill anois, agus a fhad is go dtuigeann muid sin, is é seo m ’ fhreagra. Tá ifreann is an diabhal thíos ansin faoi mó chosa; tá na Flaithis thuas ansin os cionn na scamall, seo muidinne ar an domhan anseo agus ciallaíonn sin go gcaithfidhse go bhfuil purgadóir idir muidinne anseo agus na Flaithis. Mar sin de, muna dtagann gaoth ar bith rachaidh an toit sin suas a fhad leis na Flaithis i ndiaidh di a ghabháil fríd phurgadóir. ” Chuir sé a phíopa ina bhéal arís agus rinne sé caochadh súile le Séamaí agus labhair sé go mórtasach. “ Má tá fear sa pharóiste atá ábalta freagra níos fearr ná sin a thabhairt ar an cheist sin, níl aithne agamsa air. ” Sheas Séamaí agus bhuail sé buile beag ar dhroim an tseanfhir. “ Tá an ceart go hiomlán agat ach tá ceist eile agamsa agus níl freagra agat air, ” “ Caith amach í go bhfeicfidh tú, ” arsa Barnaí le neart mórtais. Sular labhair Séamaí ghlac sé bolgam mór poitín agus dúirt sé, “ tá tusa ag rá nach bhfuil a leithéid d ’ áit ann is purgadóir, a Bharnaí, ach cha raibh tusa ar an Aifreann Dé Domhnaigh, bhí mise. Bhí an Teach Pobail lán go doras. Cha raibh suíochán le spáráil. Sheas mise thíos fa- oin ghailearaí. Bhí manach coimhthíoch thuas ar an altóir ag tabhairt seanmóra fá phurgadóir. ” Bhris Barnaí isteach ar Shéamaí le gáire.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3