Guth Ghoill, Eagrán 67

Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 26 “ Ha! Seanmóir fá phurgadóir? Cuir amogha ama. ” Chuir Séamaí suas a lámh. “ Stad, a Bharnaí, lig domh an scéal a chríochnú. ” Lean Séamaí ar aghaidh leis an scéal agus é anois ag labhairt níos tapa sa dóigh is nach bhfaigheadh Barnaí deis eile le briseadh isteach air. “ Bhí an manach seo breá crosta, tá mé ag in- sint duit. Bhí achan duine ar crith ag éisteacht leis, mé fhéin ina measc. Dúirt sé go rachadh leath an pharóiste síos go hifreann agus go rachadh an chuid eile againn isteach go purgadóir ar feadh na mílte bliain. ” D ’ amharc Séamaí ar Bharnaí agus bhí deoir ina shúil. “ Ar feadh na mílte bliain, a Bharnaí. Níl mé ag insint bréaga. Sin an rud a dúirt sé. Cha raibh ca- sachtach nó gíog le cluinstin i dTeach a ’ Phobail. ’. Ach m ’ anam le Dia, a Bharnaí, choinnigh sé a chuid súl ormsa a fhad is a bhí sé ag caint. ” Thosaigh Barnaí ag gáire arís. Ha! “ Bhail tá sé uilig cluinste anois agam. Teach a ’ Pho- bail lán go béal agus bhí an manach ag amharc ortsa? ” Sheas Séamaí go tobann. “ An gcaithfidh tusa ábhar magaidh a dhéanamh d ’ achan rud, a Bharnaí . Bhí sé ag amharc ormsa. An bhfaca tú pictiúr crochta ar bhalla in am ar bith agus is cu- ma cén áit sa tseomra a sheasann tú bíonn na súile ag amharc ort.? Sin an dóigh a bhí sé leis an mhanach seo. Stán sé isteach i mo shúile agus dúirt sé go raibh Purgadóir ag feitheamh orm. “ Agus, ná bí ag déanamh go mbeidh tú ag dé- anamh bolg le gréin sa phurgadóir, ” a dúirt sé. ‘ Beidh leaba thairní agat agus tú rósta lá is oíche. ‘ Sé ’ n t - aon difir idir Purgadóir is Ifreann ná go bhfaighidh tú amach as purgadóir am inteacht, nuair ata achan pheacadh dóite ó d ’ anam. ” A Bharnaí , tá mise dul go purgadóir nuair a thiocfas m ’ am. ” Bhí Barnaí ar tí labhairt nuair a chur Séamaí suas a lámh. “ Tá mé ag iarraidh ortsa gar a dhéa- namh domh, a Bharnaí. Tá tusa i bhfad níos sine ná mise agus seans maith go mbeidh tú marbh romham. Rachaidh tusa go Purgadóir fosta, is tá mé ag iar- raidh ort theacht ar ais agus insint domh caidé ’ n cineál áite atá ann. ” D ’ amharc sé ar Bharnaí le súile deoracha. “ An ndéanfaidh tú sin domh, a Bharnaí. ” Sheas Barnaí agus chuir sé a lámh dheas san aer. “ M ’ anam le Dia, déanfaidh mé mo sheacht ndícheall theacht ar ais le scéal duit. Anois stad den chaint sin. Char chóir eagla a bheith ar dhuine ar bith roimh an bhás, seo, tá buidéal eile agamsa anseo, ól suas, a ghasúir dé- anfaidh sé maith duit. ” Le scéal fada a dhéanamh gairid, tháinig an bás agus d ’ imigh Barnaí bocht. Bhí Séamaí ag fanacht lá agus oíche ar a thaibhse. Achan trup a chuala sé bhain se geit as go dtí go deachaigh seacht mbliana thart agus gan iom- rá ar bith ar Bharnaí. Oíche Gheimhridh amháin bhí sé ina chodladh nuair a chuala sé duine inteacht ag scairteadh a ainm. Mhúscail sé de léim agus cé a chonaic sé ina sheasamh le colpa a leapa ach Barnaí. “ A Bharnaí! Chuir tú an croí trasna ionam. Cad é faoi Dhia a choinnigh tú? Nach raibh a fhios agat go raibh mé ag súil leat achan bhomaite d ’ achan lá agus oíche? ”

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3