Guth Ghoill, Eagrán 67
Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 27 “ Bhail anois, ” arsa an taibhse. “ Más sin an cineál fáilte atá agat romham ime- oidh mé. ” Thiontaigh an taibhse agus chuaigh sé i dtreo an dorais mar a bheadh toit ann. Léim Séamaí amach as an leabaidh agus rinne sé iarracht greim a fháil ar Bharnaí ach cha raibh se ábalta mar is taibhse a bhí ann. “ Tá brón orm, a Bharnaí, ach in ainm Dé ná tréig mé arís. ” Labhair an taibhse i nglór neamhshaolta. “ Char thréig mise tú in am ar bith, a ghasúir, ach cha dtiocfadh liom cead a fháil theacht ar ais go dtí go raibh seacht mbliana curtha isteach agam. ” Bhí crith i nglór Shéamaí. “ Seacht mbliana i bPurgadóir? ” “ Arú bíodh ciall agat, ” arsa an taibhse le gáire. “ Nár inis me duit nach raibh a leithéid d ’ áit ann is purgadóir agus bhí an ceart agam. ” Chuaigh Séamaí ar a ghlúine. “ Níl purgadóir ann? ” Chroith Barnaí a cheann. “ Cá háit a raibh tú mar sin, a Bharnaí? ” Tháinig aoibh ar aghaidh an taibhse. “ Chaith mé na seacht mbliana sin mar choileach i nDuibhleann Riabhach. Bhí an chuid is fearr de na cearca agam le roghnú uafa.. ” Bhí Barnaí i gcónaí maith ag insint scéalta cé acu fíor nó bréagach iad, is cha raibh a fhios ag Séamaí caidé le déanamh den scéal seo ach chonaic sé an dranngháire ar aghaidh an taibhse. “ Bréaga, ” a scairt sé le fearg. Cha raibh an taibhse sásta. “ Seo anois an buíochas atá agat domh, i ndiaidh an trioblóid uilig a bhí agam le theacht ar ais agat. An bhfuil a fhios agat seo? Dá dtiontóinn do thaobh isteach is amach cha bheifeá sásta. ” Cha raibh Séamaí i bhfad ag teacht ar ais chuige. “ Chan fhuair duine ar bith bás ariamh nach dtig déanamh gan é, ” a dúirt sé, agus thosaigh an racán idir an bheirt. Lean siad ar aghaidh leis an choimhlint go dtí gur thit Séamaí den chlaí agus mhúscail sé agus buidéal folamh ina lámh. “ Buíochas do Dhia, ” arsa Séamaí leis fhéin. “ Ag aislingeacht a bhí mé. Le sin chuala sé scairt ar chúl an chlaí. D ’ éirigh sé agus d ’ am- harc sé thar an chlaí. Bhí coileach mór agus aghaidh Bharnaí air ina sheasamh agus téad ar a a mhuineál agus cé a bhí ina sheasamh ag a ghualainn is greim aige ar an téad ach fear mór ard dorcha le húda air a chloigeann agus speal ina lámh. Rinne an coileach iarracht briseadh ar shiúl agus rith sé chuig Séamaí ach tharraing fear an húda é ar ais. Tháinig glór Bharnaí ón choileach agus é ag impí cuidithe. “ Goitse a Shéamaí, cuidigh liom. ” “ Archhh! ” a scread Séamaí, chaith sé uaidh an buidéal agus d ’ imigh sé le rása síos an bealach. Deir siad nár stad sé gur bhain se pointe Chorrán Binne amach.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3