Guth Ghoill, Eagrán 67
Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 3 sa chuibhreann bheag ina raibh an coirce. Ó thaobh na haimsire de bhí maidin bheag ghalánta ann, an teocht ag éirí de réir a chéile agus an drúcht ag fliuchadh do chos. Luath is eile is a bhí sé bhí drantán na mbeach le cluinstin agus féileacáin go flúirseach le feiceáil ag tuirlingt ar an aiteann bhuí. Bhí mé ag foghlaim cnapán paidreacha ag an am is mé ag ullmhú don chéad chomaoineach is bhí mé ag ligint orm fhéin gur i nGairdín Éidin a bhí mé. Ach ansin chífinn an bhó ghorm agus í ag greadadh a rubaill ó thaobh go taobh, súil amháin aici ar an choirce agus súil eile aici ormsa. Ghlanfadh an radharc sin Gairdín Éidin amach as do mheabhair cineál tapaidh. Bhí go maith is cha raibh go holc go dtí gur scairt mo mháthair orainn le muid a chur na scoile. B ’ fhearr liom an mháistreás chrosta lá ar bith ná an bhó ghorm agus lig mé scread áthais amach asam go raibh mo sheal léi thart fá choinne lá eile. Bhí mé go díreach ag foscailt an gheafta nuair a thug mé fá deara dhá shúil fhiánta na bó goirme ag amharc orm agus thit an croí ionam. Tá daoine ann agus deirtear go bhfuil cumhacht na tairngreachta acu agus go dtig leofa an todhchaí a fheiceáil. M ’ anam le Dia go raibh an chumhacht sin ionamsa an mhaidin sin. Bhí a fhios agam caidé a bhí sí dul a dhéanamh. Labhair mé chomh bog ciúin is a thiocfadh liom léi. “ Goitse a shúgie bhig, ” a dúirt mé. “ Sin an ghirseach mhaith. ” Ach aird nó éisteacht cha dtug sí domh agus d ’ imigh sí le rása isteach i lár an choirce agus mé fhéin ina diaidh. Suas is anuas a chuaigh muid agus í ag stopadh achan chúpla coiscéim le lán a béil den choirce ghlas mhilis a shlogadh siar. Bhí mé fhéin ag béiceadh agus ag impí cuidithe mar cha raibh dóigh ar bith a bhfaigheadh girseach óg cosúil liomsa smacht ar an ghraoisín de bhó anois. Chuala mé mo dheartháir Tomás ag gáire fúm agus chonaic mé Bríd is a cosa in airde aici is í ag dul i dtreo na coimíneachta leis an bhó dhonn. Bhí mé fágtha liom fhéin. Sa deir- eadh thiar thall b ’ éigean do m ’ athair theacht leis an mhadadh le hí a chur amach. Bhail, tá me ag insint daoibh, bhí an cuibhreann
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3