Guth Ghoill, Eagrán 67

Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 4 beag sin ina phrácás. Char dúirt m ’ athair a dhath liom. D ’ amharc sé ar an choirce a bhí ina luí thart mar a bheadh feamainn ar an trá i ndiaidh an Scoith Bhuí, chroith sé a cheann agus shiúl se leis. Char mhiste liom dá bhfosclódh an talamh agus mé a shlogadh siar ag an bhomaite sin. Cad chuige a bhfuil mé ag insint an scéil sin daoibh? Bhail, dúirt mise le mo mháthair an tráthnóna sin nach rachainn amach ag buachailleacht a choíche arís is an bhó ghorm faoi mo chúram. ‘ Sé ’ n rud a dúirt sí liom ná, “ bí cúramach leis an fhocal ‘ choíche ’, a thaisce, mar níl a fhios agat caidé atá romhat. ” Char thuig mé í ag an am ach tuigim anois caidé a bhí sí ag rá. I bhfad níos faide anonn i mo shaol is mé pósta thíos i nDún Dúbhain bhí lánúin Gearmánach ag stopadh liom. Seo deireadh na seachtóidí agus bhí mé ag dul don B&B ag an am. Lá grianmhar, brothallach, Samhraidh amháin is an taoide amuigh d ’ inis mé dófa go raibh mé ag dul siar go báighe Thrá na Rosann le duileasc a bhailiú. Bhí leacacha ansin ar thaobh Chnoc na Sleá, díreach sula rachfá amach a fhad le Poll na Gréine, agus gheofá neart duilisc orthu ach an sruth trá ceart a bheith ann. Dochtúir a bhí san fhear agus iar - bhanaltra a bhí sa bhean. Níl a fhios agam cén aois a bhí siad ach bhí blagaid ar an fhear agus bhí féasóg mhór, chatach, dhonn air agus stríoca liatha le feiceáil ann. Bhí an bhean meánaosta ach leis na hé- adaí a bhí uirthi agus an dóigh a bhí a cuid gruaige scoite déarfainn gur hippie a bhí inti lá den tsaol. D ’ impigh siad cead uaim dul liom agus nach cinnte go bhfuair siad an cead sin mar cha raibh sé dul a chur isteach ná amach ormsa cé acu mé a bheith i m ’ aonar nó mé i gcomhluadar. ‘ Sé an t - aon eagla a bhí orm ná go mbeadh deacracht ag an fhear siúl an

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3