Guth Ghoill, Eagrán 67
Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 5 fhad sin mar bhí sé chomh trom toirtiúil le fear ar bith dá bhfaca mé ariamh. Chan dreoilín ar bith a bhí ionamsa ach bhí an boc seo troigh níos airde agus deich gcloch níos troime ná mé fhéin. Chan ag magadh atá mé! Bhí bolg air cosúil leis an bholg a bhí ar an bhó ghorm a luaigh me níos luaithe sa scéal. I ndiaidh sin is eile, lena cheart a thabhairt dó, shiúil sé amach taobh an chnoic mar a bheadh gabhair fireann ann agus bhí sé soiléir gur fear a bhí ann a raibh grá aige don tsaol taobh amuigh nó ‘ the great outdoors ’ mar a thugtaí air. Cibé ar bith, leis an triúr againn ag tógáil duilisc char ghlac sé i bhfad dúinn cúpla mála a líonadh agus thug muid aghaidh ar an bhaile. Mála amháin liomsa agus an mála eile leis an fhear mhór. Ar chosán caorach a bhí muid agus bhí mise amuigh chun tosaigh agus an bheirt mo leanstan duine i ndiaidh an duine eile. Cha raibh mé ag tabhairt mórán airde orthu go dtí gur chuala mé an plab seo ar mo chúl. D ’ amharc mé thart is bhí an fear, Guntar a bhí air, i ndiaidh léimint isteach san fharraige agus bhí a bhean, Hilda a bhí uirthise, ina sheasamh is éadaí Ghuntar ina lámha aici. Bhí an bheirt acu ag gáire, ise ar an talamh tirim agus eisean san fharraige. Bhí siad ag scairteadh lena chéile ina dteanga fhéin agus char thuig mé focal da raibh le rá acu. Sin ráite cha raibh sé doiligh déanamh amach go raibh Guntar Mór ag iarraidh Hilda a mhealladh le dul isteach san uisce. Sula raibh a fhios agam caidé a bhí ag tarlú shín sí na héadaí chugamsa. B ’ éigean domh mála an duilisc a chur ar an talamh le hiad a ghlacadh agus ansin chaith sí di achan snáithe de chuid éadaí s ’ aici fhéin agus léim sí isteach le plab san uisce. Cha dtiocfadh liom a chreidbheáil caidé a bhí i ndiaidh tarlú. Mar a deir siad sa Bhéarla cha raibh ‘ stich ’ uirthi agus ‘ sé ’ n eagla a bhí ormsa ná go raibh an fear mór mar an gcéanna.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3