Guth Ghoill, Eagrán 67

Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 6 D ’ amharc mé ar na héadaí a bhí i mo lámha agam agus thit an croí asam nuair a chonaic me brístí beaga an fhir mhóir ina shuí go bródúil ar mhullach an charnáin. Cha raibh a fhios agam caidé le déanamh agus chuir mé paidir chun na bhflaithis nach dtiocfadh duine ar bith de na comharsana mo threo. Sin an phaidir nár freagraíodh mar an chéad rud eile chuala mé madadh ag tafann is beirt fhear áitiúil ag teacht isteach ó chúl an chnoic agus slat iascaireachta agus sreang iasc le achan fhear acu. Bhéarfaidh mé Bill agus Bob orthu sa scéal seo mar níl me ag iarraidh a gcuid ainmneacha fhéin a úsáid cé go bhfuil an bheirt acu ar shlua na marbh le blianta fada anois. Go mbeidh Dia maith dófa. Bhí mé mo sheasamh thíos in aice na farraige agus mo chúl leo agus mé ag súil nach dtabharfadh siad mé fá deara. Nach soineanta a bhí mé. An chéad rud eile chuala mé, “ Bhail, a Nan. Scéal úr ar bith? ” Bhí a fhios agam caidé ’ n cineál scéal úr a bheadh ag gabháil thart faoin áit muna dtiocfadh liom fáil réitithe de na fir seo. “ Chan rómhinic a d ’ fheicfí thusa amuigh anseo, a Nan, ” arsa Bill liom. “ Sea, ” arsa Bob, go magúil, agus é ag cur a shreang iasc ar an talamh. “ Agus tá an níochán leat. ” D ’ amharc Bill ar na héadaí. “ Nach fanciáilte na brístí beaga atá Neil ag caitheamh ar an aimsir seo, ” a dúirt sé, agus thosaigh an bheirt ag gáire. “ Bhail leoga chan le Neil iad, ” a dúirt mé, agus go leor nimhe i mo ghlór. “ Ach is leis na Gearmánaigh thíos ansin na héadaí seo. ” Chuir Bill a shreangsan ar an talamh fosta agus ghlac sé coiscéim chun tosaigh is é ag amharc san uisce. Mar atá ráite agam cheana fhéin lá grianmhar a bhí ann agus bhí an t - uisce chomh glan sin go dtiocfadh leat an gaineamh ar an ghrinneall a fheiceáil go soiléir. Ghlacfá a bheith dall gan nochtacht na beirte a aithint. “ An bhfuil a fhios agaibh seo, ” arsa Bill, agus iontas ina ghlór, “ m ’ anam le Dia, níl stitch ar aon duine den bheirt acu. ” “ Ag magadh atá tú, ” arsa Bob, agus ghlac seisean cúpla coiscéim chun tosaigh fosta. “ Tá an ceart ag Bill, ” arsa mise, “ agus tá sé go réidh agaibhse na bonnaí a bhaint as sula dtagann siad amach as an uisce.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3