Guth Ghoill, Eagrán 67

Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 7 Thosaigh an bheirt ag gáire. “ Sula dtagann siad amach as an uisce? ” arsa Bob. “ Chan amadáin ar bith na Gearmánaigh. Cha dtagann siad amach as an uisce agus an bheirt againne anseo. ” Shílfeá gur chuala an lánúin iad mar amach as an uisce a tháinig siad. Sheas an fear mór ar an charraig cúpla slat thíos fúinn agus scairt sé leis an bheirt. “ Hello, my friends. ” Tháinig Hilda amach ansin agus thug sí wave don bheirt agus aoibh mhór ar a haghaidh. “ Hi, ” a dúirt sí, agus thosaigh an bheirt ag tarraingt orainn gan unsa de náire iontu. Bhail, cha raibh seanchaint ar bith ó Bill agus Bob anois. Dhearg an dá aghaidh orthu agus an chéad rud eile d ’ imigh siad leo mar a bheadh dhá chat scalta ann. “ Hói, a fheara, ” a scairt mé leofa, “ d ’ fhág sibh na héisc bhur ndiaidh. ” Tá a fhios agam gur chuala siad mé ach amharc thart amháin cha dearna siad. Bhí iontas ar an lánúin nuair a chonaic siad na héisc. “ Bronntanas atá ann, ” a dúirt mé leo. “ Bronntanas fáilteach ó na comharsana. Chuir sin lúcháir an domhain orthu. “ Is mór an trua, ” a dúirt mé leofa, “ nach bhfuil tuáille libh le sibh fhéin a thriomú. ” Thóg an fear mór an dá shreang iasc agus shiúil sé leis is é ag míniú domh go mbeadh siad breá tirim sula mbeadh siad sa bhaile. Shiúil mé fhéin go mall ina ndiaidh sa dóigh is nach mbeinn le feiceáil ina gcomhluadar ach achan uair a rinne mé sin, stad siad go dtí go mbeinn a fhad leo arís. Turas fada na bhaile a bhí ann tá me ag insint daoibh, agus gheall mé domh fhéin nach rachainn a chóir uisce le turasóirí a choíche arís. Focal contúirteach ceart go leor. Rud maith amháin, amach ón duileasc, a tháinig amach as an lá, ná go raibh súilíní don dinnéar againn don chuid eile den tseachtain. Iasc den scoth. Creid é nó ná creid, a fheara, ach sin an scéal. Beidh tuilleadh faoin lánúin seo sa chéad eagrán eile.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3