Guth Ghoill, Eagrán 67
Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 8 Thug muid an ‘Caddy House’ air agus rinne muidinne mar pháistí freastal air ó Cháisc go deireadh an tSamhraidh, seo le linn na laethanta saoire ón scoil. Dhéanfadh muid uilig ár mbealach, páistí ó ocht mbliana go sé bliana déag, i dtreo Óstán Ros na Binne; chuireadh an boladh sin a tháinig ó dhódh ola sa choire-theach (boiler house) agus tormán na n-inneall ón teach níocháin in iúl dúinn go raibh muid ag dul an treo cheart. Ansin bhí na toir nó na crainn bheaga mar a tugadh orthu, anois thiocfadh leosan scéal nó dhó a insint! ‘hm hm’. Ar thaobh na láimhe deise bhí an t-óstán maorga fhéin, lena vearandaí cumhdra adhmaid (wooden cladded verandahs), lena obair phéinte dhubh agus bhán agus fuinneoga saise. Corruair chluinfeá macalla an cheoil ó cheolfhoireann (orchestra) Gary Miller agus iad ag cleachtadh ar a réimse laethúil ceoil do léiriú na hoíche sin sa bhialann, áit a mbíodh bodaigh mhóra na linne sin ag líonadh a mbolg ar scoth an bhidh agus na fíona i dtimpeallacht dhraíochtúil. Is cosúil nach raibh sárú na fuaime, mar a bhí sé sa bhialann, le fáil, ba seo de thairbhe go dtug an struchtúr adhmaid i measc na méilte fuaim ar leith uaidh. Bhí an ‘Blue Danube’ agus an ‘Viennese Waltz’, tá mé cinnte, thuas ar bharr an liosta, bhí draíocht ag baint le seo ar fad. Bíonn sé blianta ina dhiaidh sin go dtí go dtuigeann tú agus go mbaineann tú sásamh as an chineál saoil a deachaigh muid i dtaithí air inár n-óige. Teach na gCaddies. ( An Caddy House). Corradh is céad slat ar shiúl ón óstán a sheas an caddy house. Shroichfeá é luath ar maidin agus tú ag dúil go mór lena raibh romhat don chuid eile den lá. Mhothaigh tú sort slán comh luath agus gheobhfá fáilte ó mháistír na gcaddies (caddymaster). Ba Stephen Ó Sibhleáin (Stephen a’Phartholáin) a bhí i gceannas ar na caddies nó Stephen Mór mar ab fhearr aithne air, fear breá go ndéana Dia trócaire air. Bhí tréithe breátha ag Stephen, é gléasta dá chuid oibre ina chulaith ghorm, a charabhat, a bhróga snasta dubha agus le dhul le seo bhí croiméal guaireach agus píopa kp. Mhothaigh mise, mar a mhothaigh daoine eile, go raibh sé mar an dara athair mór againn. Bhí rialacha áirithe arbh éigean dúinn cloí leo Le Eoghan Ó Luadhóg. An Rosapenna sa tsean - am
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3