Guth Ghoill, Eagrán 67

Eagrán 67 Deireadh Fómhair 2020 9 agus ceann acu sin ná go gcaithfeá 1p a thabhairt don chaddymaster achan uair a gheobhfá amach a chaddyáil, táille beag go leor, is dócha, don 5scillinge a shaothraigh muid don ocht bpoll déag. Cha raibh ort a thabhairt dó ach dá mbeifeá ag iarraidh fanacht ar an taobh cheart de Stephen Mór bheadh sé níb fhearr agat é a íoc, bhí cuimhne mhaith ag an fhear chéanna! An Cúrsa Gailf. Ba Tom Morris a leag amach an cúrsa gailf – na chéad ocht bpoll déag a bhí ansin – an fear céanna a bhí freagrach as Lahinch agus Carnoustie agus go leor eile. Le linn dó a bheith ar cuairt i nDún na nGall d’fhan sé, mar aoi, i mainteach an Tiarna Liatroma ar an Mhaol Ruaidh. Chonaic sé cé comh oiriúnach agus a bheadh cúrsa gailf ar an limistéar talaimh sin thart leis an chósta. Rugadh Tom Morris ar an 16ú lá de Mheitheamh 1821 agus fuair sé bás ar an 24ú lá de Mhí na Bealtaine 1908. Ag dul ar ais chuig teach na gcaddies, ba anseo a bhíodh corradh agus deich gcaddy is fiche ina sheasamh thart, ina shuí thart, nó ag bocléimnigh thart fá theach na gcaddies, fá na bruacha nó fán léana i ndeas dó; iad ag feitheamh le huaisle a theacht ón óstán a bheadh ag lorg caddy. Nuair a d’fheicfí galfairí ag teacht aníos an cosán i dtreo theach na gcaddies bheirfeadh na caddies ruathar sa treo sin fosta, bhíodh siad mar a Stephen Ó Sibhleáin le Jacob Mac Giolla Choinnigh, an fear a bhí ag obair mar ‘ Caddymaster ’ roimh Stephen. Tá siad ina sheasamh os comhair sheanteach na gcaddies. Dealbh de Tom Morris ag Pavillion Ros na Binne Teach na gCaddies mar atá sé anois.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3