Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 10 fríd go dtí oifig an phoist bunús an ama, ba seo an teileagram nó an ‘wire’ mar a thugtaí air – scéalta fá dhaoine a fuair bás thar lear, b’fhéidir. Bean a bhí i Maggie a bhí thar a bheith flaithiúil le páistí, bhí sé de ghnás aici crág mhór milseán a chur amach ar an chúntar do pháistí. Ba a deartháir Chéarlaí agus a bhean Uni Nic Aoidh as Ailt a’Chaorthainn na daoine deireannacha den bhunadh a rinne cónaí sa teach. Is fada an lá ó druideadh an siopa agus oifig an phoist, druideadh iad ‘79/’80. Tá an teach seo anois folamh. Teach Uimhir 2. Paidí Mac Giolla Bhríde (Paidí Mór). Ba seo teach dhá stór a raibh a bhinn leis an bhealach mhór ach ba teach aon stór a bhí ann ag tús ama. Ba saor cloiche a bhí in Paidí agus d’ardaigh sé an teach go leibhéal dhá stór, rinne sé seo gan an díon a bhaint den teach. Cha raibh rogha ar bith eile aige mar nach raibh áit chónaí ar bith eile acu a fhad agus a bhí an obair seo ag dul ar aghaidh. B’éacht a bhí ann an díon a ardú agus gan acu ach poilíní (pulleys), cuaillí (poles) agus rópaí agus gur éirígh leo seo a dhéanamh gan an díon a bhaint den teach. Thógfadh siad airde an tigh méid áirithe achan lá agus ansin d’ísleodh siad an díon anuas ar seo san oíche. Lean siad ar aghaidh mar seo go dtí go raibh an teach tógtha go dtí leibhéal dhá stór. Ba é a thóg an ‘North Star’ i gCarraig Airt fosta, an teach ina bhfuil an Comhar Creidmheasa anois. Bhí aithne agam ar a bhean Máire ach níl cuimhne ar bith agam ar fhéin. Deartháir de m’athair mór a bhí ann. Bhí fuinneog bheag ar chúl a’ tí agus chaith Máire neart ama ag urnaí ag an fhuinneog seo agus ag coinneáil súil ghéar ar na comharsana ag an am chéanna. Bhí garraí Phaidí Mhic Daibhéid díreach ar chúl a’ tí. Bhí aithne againne air mar an ‘Piper’. Ba ghnáth le Paidí cruach choirce a thógáil os comhair fhuinneog Mháire, seo leis an radharc ón fhuinneog a bhlocáil uirthi.Char glacadh go rómhaith le hiompar Phaidí Mhic Daibhéid ach ag an am chéanna bhí sé ag léiriú úinéireacht an gharraí. Ba chlann ábalta a bhí i muintir Phaidí Mhór ar dhóigheanna éagsúla. Bhí James ina ghré- asaí; chuaigh Pádraig agus Bearnaí isteach i gCabhlach Trádála na Breataine; bhí Mícheál tugtha don iascaireacht ach ina dhiaidh sin nuair a thug sé aghaidh ar Shasana ba cheird mar thógálaí cruach (steel erector) a lean sé ar bhun gairmiúil. Chonaic mé é i mbun a chuid oibre ag Stáisiún Leictreachais i ndeas de Gloucester. Chonaic mé an fear seo ag siúl trasna ar ghiarsa (girder) nach raibh ach 6 orlaí ar leithéid agus a bhí 80tr os cionn an talaimh. Choinnigh mé súil ghéar air agus nuair a tháinig sé anuas chuaigh mé i gceann cainte leis. Cha raibh aithne ar bith agam air mar go raibh sé ar shiúl as baile ar feadh blianta fada fan am seo. Chuir sé iontas an tsaoil ar an bheirt againn gur comharsana a bhí ionainn. D’fhan a dheartháir Donchadh (Dinis) sa bhaile ar an fheirm – bhí beathach aige, muileann arbhair láimhe agus áith aoil (limekiln). Chaith a ndeirfiúr Annie furmhór a saoil ag obair i mBéal Feirste. Nuair a bhí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3