Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 11 siad uilig ar shlí na fírinne bhí an teach fágtha ag Máire sin iníon Phádraig a bhí pósta ar Cholmán De Búrca, as Gaillimh. Ach ar an drochuair fuair Colmán bás go tobann. Díoladh an teach agus an fheirm i gCluain tSaileach ina dhiaidh sin le Seán Ó Conchúir an fear a thóg Óstlann an ‘Downings Bay’. Tá teach Phaidí Mór i gCluain tSaileach ina luí folamh an mhórchuid den am. Áith aoil: Foirgneamh beag ciorcalach cloiche a bhí ann, ag a raibh trastomhas (diameter) tuairim is 6tr. Bhí gráta ann a bhí tógtha ard go leor ón talamh le haghaidh tineadh. Bhí cairéal aolchloiche(limestone quarry) in aice láimhe. Chuirfí na clocha ina suí ar an ghráta, lastaí tine faofa agus théifí na clocha go teocht an-ard. Nuair a rachadh an tine as thógfaí amach na clocha agus nuair a chaití uisce fuar orthu dhéantaí dusta daofa. Dhéanfaí an dusta seo a mheascadh le gaineamh agus d’usáidfí é i dtógáil tithe. Teach Uimhir 3. Paidí Mac Daibhéid. ( Paidí Shéarlaí Phaidie). Bhí Paidí agus a bheirt dheirfiúr, Máire agus Annie, ina gcónaí sa teach seo. An ‘Piper’ an leasainm a bhí ar Phaidí agus bhain muidinne, mar pháistí, sásamh agus spórt mór as seo in amanna. Le linn an tráthnóna agus isteach san oíche chaithfeadh Paidí bunús a chuid ama crochta trasna a leathdhorais ag amharc amach. Cha raibh againne le rá ach ‘Piper’ agus shínfeadh an tóir inár ndiaidh. I ndiaidh tréimhse de seo rachadh cuid againn bealach amháin agus baicle againn bealach eile agus d’fhágadh seo é idir dhá chomhairle faoi cén dream le leanstan. Cúipéir (cooper) a bhí in Paidí lá den tsaol ach nuair a bhí obair gann fá bhaile bhéarfadh sé a aghaidh ar fheirmeacha na hAlban. Ar cheann de na hócáidí seo thall rinne sé gearán leis an fheirmeoir dona raibh sé ag obair fá chaighdeán na bprátaí a bhí sé a thabhairt dóbhtha le hithe. Chan mór an sásamh ná truaigh a fuair sé ón fheirmeoir nuair a d’iarr sé ar Phaidí subh a chur orthu! Bhí a dheirfiúr Annie i ndrochshláinte furmhór a saoil ach san am chéanna chuir sí Paidí agus Máire agus mhair sí fhéin beo go raibh sí 96. Teach Uimhir 4. Dónal Mac Daibhéid. (Dónal Ghráinne). Saor cloiche oilte a bhí i nDónal Ghráinne, fear a thóg lear de na tithe cónaithe thart fan cheantar. Is cuimhin liom gur thóg sé fhéin agus Nead Mac Giolla Bhríde (Ned Phaidí Éamoinn) as Gort na Luchóg teach Shéarlaí Phaidí Mhadgie, an teach ansin ag an choirnéal áit a dtiontaíonn an bealach ó chúrsa na farraige go dtí an Meall Mór. Ba John Mac Laifeartaigh ( John Dinis) as an Mhuirleog a chur an díon air agus a rinne na fuinneoga. Ba le Maggie, bean Shéarlaí, an seanteach agus an talamh agus, de thairbhe sin de, nuair a phós sé Maggie ba duine úr ar an

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3