Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 12 bhaile a bhí in Chéarlaí agus sin an tuige ar bhaist muid ‘Newman’ air agus ba seo leasainm nár thaitin go rómhaith leis. Ba as Gleann Úraí do Shéarlaí. Teach Uimhir 5. Sorcha agus Micí Mac Suibhne. Bhí aithne níos fearr ar an teach seo faoin ainm ‘Bella’s Pub’, inniu tugtar an ‘Singing Pub’ nó an ‘Sibín Ceoil’ air. Teach garbh a bhí ann ina am. Bhí an beár ó thús ama ar thaobh do láimhe clé ar dhul isteach duit agus cha raibh áiteacha suí ar bith fan bheár. Sa seomra a bhí i lár báire a caitheamh an luaigh uilig. Bhí áit tineadh sa seomra uachtarach agus dhá stol fhada ar achan taobh den tine agus tábla a raibh drompla smeartha garbh air in aice na fuinneoige. Bhí scéal ag na seandaoine gur ghnáth leis an fhear a raibh an teach seo aige na blianta roimhe sin a dhul as a chiall corruair. Ar cheann de na hócáidí seo chuaigh bean a’ tí síos tigh Phaidí Mór ag lorg rásúir. Nuair a fiafraíodh díthe caidé’n úsáid a bhí sí chun baint as an rásúr dúirt sí go raibh sí chun scórnach an fhir a ghearradh le cuid den drochfhuil a scaoileadh amach. Bhí an gháir ann i measc na seanmhuintire gur maraíodh duine inteacht sa teach. B’fhéidir gur seo mar a tharla do fhear na drochfhola. Fágadh an áit ag Eoin MacGiolla Bhríde ( Eoin Mhicí John) as Gort na Luchóg. Áit ghruama dhorcha a bhí sa bheár dá mbeifeá ansin ar do chuid fhéin agus iomrá fosta ar an áit go raibh taibhse ag bogadh thart ann! Dá mbeadh Eoin an- sin ar a chuid fhéin shuífeadh sé ar an chlaí taobh amuigh. Théadh daoine a mbíodh fonn ólacháin orthu a fhad le Teach Mhicí Sophie (Teach Thrá Mhór) sna Dúnaibh i dtús báire sula mbuailfeadh siad isteach chuig Eoin. Bhéarfadh siad ruaig isteach chuig Eoin ar a mbealach ‘na bhaile agus bhíodh seo i ndiaidh am druid go maith, bhí am druid ag a 10i.n. oíche Dhomhnaigh. Bhuail an Sáirsint Boylan isteach chuig Eoin oíche Dhomhnaigh amháin thart fá 10.30, bhí Eoin ina shuí ar an chlaí taobh amuigh agus gan duine ar bith istigh sa bheár. Mhol an sáirsint Eoin go mór as an bheár a bheith druidte aige agus achan duine curtha ‘na bhaile aige. Dúirt sé le hEoin go raibh sárobair a dhéanamh aige, ag comhlíonadh an dlí agus a chuid dualgas go maith. Ach char ghlac Eoin le dhath de seo agus ar seisean leis an sáirsint – ‘Chan sin mar atá sé ar chor ar bith, cha dtagann a nduine i mo chóirse go dtí go mbíonn sé i ndiaidh a haon déag, sin nuair a bhíonn siad ar a mbealach as na Dúnaibh’. Chroith an sáirsint a chloigeann agus d’imigh sé leis. D’athraigh úinéireacht an tí leanna seo cúpla uair. Is le Mícheál Ó Dochartaigh as Baile na Deora an áit anois agus aithne leitheadach air mar an Sibín Ceoil. Tá athrú mór ar an áit anois le taobh mar bhí sé na blianta sin fadó, fadó.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3