Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 13 Teach Uimhir 6. Teach Mhicí Bán. ( Ó Gallchóir). Bhí Dinis, Paidí, James, Máire agus Rose sa chlann seo. Teach dhá stór a bhí ann a bhí tógtha ar thaobh an chnoic le taobh an bhealaigh atá ag dul go Liobóg. Leagadh an teach seo agus tá teach úr tógtha ar an suíomh anois ag Tony agus Fiona Pasoma.Siúinéirí a bhí in James agus Paidí Mhicí Bán agus d’oibrigh siad ar Stáisiún Leictreachais Bhéal Átha Seannaigh nuair a bhíothas a thógáil. Nuair a bhí mé i mo pháiste bhéarfadh James punt domh ag an Nollaig achan bhliain agus ba airgead mór a bhí anseo do pháiste nach raibh a dhath aige. Phós sé Maggie, níon Shéarlaí Beag as an Raplach. Bhí níon amháin acu a bhfuil cónaí uirthi in Umlach. Bhí a dheartháir Paidí pósta ar Annie Nic Giolla Bhríde ( Annie Mhicí John) as Gort na Luchóg. Gúnadóir den scoth a bhí in Annie agus d’oibrigh sí ón teach i gCluain tSaileach. Bhí níon amháin acu, Eileen, atá pósta i Leitir Ceanainn. D’fhan Dinis agus Máire fan bhaile, bhí Dinis ag dul don fheirmeoireacht. Teach Uimhir 7. Paidí Mac Daibhéid ( Paidí John Phaidie). Bhí an teach seo i Liobóg. Bhí Paidí ina shaoiste le Comhairle Contae Dhún na nGall. Bhí páirt mhór aige i dtógáil an bhealaigh thart timpeall chúrsa na farraige, obair láimhe ar fad a bhí i gceist le déanamh an bhealaigh seo, char baineadh úsáid as innealra de chineál ar bith. Is fiú a lua gurb é an Dr. Mac Bhloscaidh ó Cho.Dhoire, a bhí ina dhochtúir sa cheantar ag an am, ba mhó a bhí taobh thiar den bhealach seo – Cúrsa na Farraige -- a bhrú chun to- saigh. Níl mórán eolais agam faoi chlann Mhic Daibhéid taobh amuigh den bheirt a d’fhan fan bhaile. Bhí Fanny pósta ar Ned Carr ( John Nochaí) as an Bhaile Úr. Iascaire a bhí in Ned agus bhí sé ar dhuine de na hiascairí a bhí ag iascaireacht bradán le Willie Cullen an oíche a bhris inneall an bháid síos, bhí Hughie Bhrógáin agus Anton Shus (Mac Giolla Bhríde) ar an bhád fosta. Thángthas ar an bhád tráthnóna lá arna mhárach cóngarach de Glengad in Inis Eoghain. Phós Bridget, deirfiúr Fanny, Tony Mac Giolla Bhríde ( Tony Bhrianaí Thuathail). Bhí siopa beag grósaera ag Tony in aice leis an teach s’againne agus lena chois sin d’oibrigh sé mar tacsaí fosta. Ba é Hudi a’ Canainn as Doire a’ Chasáin a thóg an siopa do Tony. Teach Uimhir 8. Johnny Ó Sibhleáin. ( Johnny Phartha- lán). Bhí Johnny pósta ar Ghracie Nic Daibhéid as Liobóg,

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3