Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 14 deirfiúr do Phaidí ‘Ac Daibhéid. Seisear níonach agus gasúr amháin a bhí sa chlann. Ba lena deartháir Paidí an teach agus an talamh agus ceann de na mí- bhuntaistí ba mhó a bhain leis an teach ná nach raibh bealach ar bith ag dul a fhad leis an teach agus de thairbhe sin bhí achan rud le hiompar ón bhealach mhór. Cha raibh a dhath ag dul go dtí an teach ach casán siúil mar go raibh an teach tógtha ar mhalaigh comh géar sin. Iascaire a bhí in Johnny agus bhíodh sé ag iascaireacht le m’athair mór, Donchadh Mhíchíl. Bhíodh an chlann ag obair in Albain cuid mhaith den am agus ar deireadh sin an áit a raibh an chuid is mó acu ina gcónaí. Cha dearn duine ar bith cónaí sa teach leis na blianta. Teach Uimhir 9. Donchadh Mac Giolla Bhríde (Donchadh Mhíchíl). Mo theach fhéin. Iascaire a bhí in Donchadh Mhíchíl agus bhí skiff dá chuid fhéin aige, seo bád foscailte gan deic nach raibh inneal ar bith inti, rámhaí nó seoltaí a chur siúl fúithe. Bhíodh an bád coinnithe acu ag Poll Nocsaí agus le dhul go dtí an talamh iascaireachta bheadh orthu an bád a iomramh a fhad leis an Mheall Mhór agus is cinnte gur mhór an saothar iomartha a bhí anseo. Ansin bhéarfadh na seoltaí iad go dtí an talamh iascaireachta. Ba mhinic a rinneadh seo i ndorchadas na hoíche agus le farraige throm. Ba chruaidh a shaothraigh siad a bpunt. Bhí cor mór bradán leofa oíche amháin a bhí mbéal na ndaoine go ceann fada go leor ina dhiaidh sin, 140 bradán in aon oíche amháin. Ar an bhád leis bhí Paidí Mhadgie a bhí ina dheartháir ag m’athair mór, Johnny Pharthalán, comharsan béal dorais agus a dheartháir Stephen a’Pharthalán as Ros na Binne. Is cuimhin liom, mar pháiste, ag dul chuig an tobar le deoch uisce a fháil do m’athair mór Donchadh. Níl mórán de chuimhne agam ar é a bheith marbh. Chan fhaca mé mo mháthair mhór ariamh, caithfidhse go bhfuair sí bás measartha óg.Bhí teaghlach de cheathrar gasúr agus de cheathrar níonach acu. Bhí Mícheál ag obair in Albain nuair a bhuail an Flu Spáineach an tír seo i 1918, seo an flu a mharaigh 27,000 duine sa tír seo. Tháinig Mícheál ‘na bhaile le hamharc i ndiaidh cuid den chlann a raibh an flu orthu ach fuair sé fhéin an flu agus fuair sé bás leis. Cha raibh sé ach seacht mbliana agus fiche. Bhí a dheartháir Proinsias ar a bhealach chuig aifreann 11.30 i gCarraig Airt nuair a bhuail carr é ag teach Aindí Phádraig. Seo turasóir as Sasana a bhí ag stopadh in óstlann Ros na Binne agus is cosúil go raibh sé faoi thionchar an óil. Fuair Proinsias bás láithreach agus cha raibh sé ach an bhliain déag agus fiche, ba seo i 1931. Bhain tiomanaí an chairr na bonnaí as go Sasana agus cha raibh cás cúirte ar bith. Bhí deartháir eile Paidí ag teacht trasna thráigh Charraig Airt lá amháin agus beathach agus cairt leis ar a raibh malach trom iarainn. Baineadh cliseadh as an bheathach agus fágadh Paidí le cois bhriste. Níl fhios agam caidé’n deireadh a bhí leis an

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3