Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 15 bheathach agus an chairt. Blianta ina dhiaidh sin thug Paidí aghaidh ar Cheanada mar threabhdóir (ploughman) ach char mhair seo i bhfad. Thosíodh sé ag treabhadh ag a hocht a chlog ar maidin le dhá bheathach agus fan am a bhfaigheadh sé go dtí an cheann eile den pháirc bheadh sé a 2 a chlog. Fan am a mbíodh na beithigh cothaithe agus a dhinnéar faighte aige fhéin cha bheadh mórán den lá fágtha! Bhí sé i gcónaí rud beag mífhoighdeach agus mheasfainn nár mhair an treabhadh seo rófhada. Táilliúir a bhí i m’athair John agus reathaí cumasach a bhí ann fosta. Bhí an bhuaidh aige i gcuid mhór rásaí i bhFánaid áit ar fhoghlaim sé ceird na táilliúireachta le teaghlach Uí Shiadhail i nDumhach Mór. Bhí ar a thuismitheoirí íoc as an oiliúint seo a fháil. D’fhoghlaim agus chleacht mo dheartháireacha Mícheál agus Jimmy an cheird seo fosta ach fan am a raibh a bprintíseacht curtha isteach acu tháinig cultacha ar an mhargadh sna siopaí a bhí breá saor agus chuir sin deireadh leis an cheird mar a bhí sé. Thosaigh Jimmy ar an iascaireacht agus ansin d’imigh sé go hAlbain áit ar chas sé le agus ar phós sé a chomharsa Treasa Ní Shibhleáin. Chuaigh Mícheál leis an obair thógála agus ba shaor cloiche den scoth a bhí ann. Chaith sé tamall i Sasana agus ar theacht ‘na bhaile dó phós sé a chomharsa Hannah Nic Daibhéid. Rinne Donchadh slí beatha dó fhéin sna gardaí agus chaith sé cuid mhaith dá chuid ama ansin ar dhroichead Uí Chonaill ag treorú tráchta. I ndiaidh domh fhéin tréimhsí a chaitheamh ag obair ar shuímh thógála anseo sa bhaile agus thar lear tháinig mé ‘na bhaile agus nuair a bhí mé ocht mbliana agus fiche fuair mé post sa státseirbhís. D’oibrigh mé ar fud Chontae Dhún na nGall agus ar feadh tréimhsí fosta i gCo. Liatroma agus i gCo Shligigh. Bhí mé sa phost seo go dtí gur éirigh mé as i Mí Eanáir na bliana 1999. Labhair mé fá dheirfiúracha m’athair in eagrán 45 de Ghuth Ghoill. Fágadh an teach agus an fheirm ag mo dheartháir Jimmy. Leag sé an seanteach agus thóg sé teach úr de chuid na Comhairle Contae in aice le suíomh an tseantí. Níl fágtha agam anois i gCluain tSaileach ach cuimhní m’óige. Teach Uimhir 10. Teach Dhonchaidh Mhic Giolla Bhríde – Donchadh Shéarlaí. ( Muintir Ann). Níl mé ábalta an tseanmhuintir a thabhairt ‘un cuimhne ach tá cuimhne agam ar an chlann – Chéarlaí, Eoin, James, Fanny agus Nellie. Bhí beathach ag Eoin ar feadh tréimhse agus b’eisean a rinne an fheirmeoireacht. D’imigh sé go hAlbain ansin agus pósadh thall é agus chónaigh sé ansin. Bhí Chéarlaí mar fheighlí cúrsa (greenkeeper) ar ghalfchúrsa Ros na Binne ar feadh blian- ta fada. Phós sé Susan Ní Chuilinn as Dún Dúbháin agus bhí beirt de chlann acu. Is cuimhin liom gur baisteadh duine de na páistí i dTeach Pobail Charraig Airt sa bhliain 1947 nuair a thit sneachta trom. Ar a mbealach ‘na bhaile ó Theach a’

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3