Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 16 Phobail fuair siad fhad le teach Mhary Ellen Sweeney ar an Mhachaire Bhig. Bhí an sneachta comh trom sin gurb éigean dóibh seachtain a chaitheamh tigh Mhic Suibhne sular fhéad siad pilleadh ar an bhaile go Dún Dúbháin. Bhí eitinn go forleathan ar fud na tíre ag an am agus ba seo a thug bás Susan agus a beirt chlainne. Dar ndóigh ba mhór an briseadh croí a bhí anseo do Shéarlaí. Ghoill seo go mór air agus d’imigh sé go Meiriceá, áit a bhfuair sé bás blianta ina dhiaidh sin. Chuaigh a dhá dheirfiúr go dtí na Stáit Aontaithe fosta. Nuair a d’imigh Chéarlaí go dtí na Stáit Aontaithe d’fhág sé an asal a bhí aige agamsa. Cha raibh mórán úsáide agamsa don asal agus an chéad uair eile a bhí aonach ar an Chraoslach, d’imigh mé a mharcaíocht uirthi go haonach an Chraoslaigh, shroich mé láthair an aonaigh thart fan deich a chlog. Bhí sé socraithe agam go n-iarrfainn cúig scilling déag ar an asal. Thairg Francie Langan, déileálaí eallach, dhá scilling déag agus sé pingine domh uirthi. ( Caithfear cuimhne go raibh 20/s sa phunt ag an am sin). Cha ndéanfadh sé an difríocht ar an luach a roinnt liom agus choinnigh sé ceannaitheoirí eile ar shiúl uaim. I dtrátha a ceathair a chlog bhí mé dubh dóite den dóigh a raibh rudaí ag titim amach agus léim mé ar an asal agus ar shiúl liom léithe ar ais na bhaile. Bhí mo dhá láirc spréite go maith lá arna mhárach agus leoga ar feadh seachtaine ‘na dhiaidh sin. Cúpla lá ina dhiaidh sin dhíol m’athair an asal le Pat Harvey, fear siúl, agus thug sé punt do m’athair ar an asal. James Ann, a bhean agus a chlann a tháinig a chónaí sa teach nuair a d’imigh Chéarlaí go Meiriceá. Saor báid a bhí i James a d’oibrigh i mbádchlós Mhíobhaigh ar feadh blianta. Bhí a mhac Dinis ina bhall de na gardaí ach ar an drochuair fuair sé bás roinnt blianta ó shin. Tá a bhean, Carmel, agus a clann ina gcónaí sa teach anois. Teach Uimhir 11. Brianaí Mac Giolla Bhríde. (Brianaí Thuathail). Bhí Brianaí pósta ar Bhiddy Boyce as Dún Dúbháin. Bhí seachtar clainne acu, ceathrar gasúr agus triúr girseach – Manás, John, Tony agus Dinis (fuair sé bás ina fhear óg), Madgie, Bridget agus Treasa. D’fhág na girseachaí uilig an baile luath ina saol agus níl eolas ar bith agam orthusan. Ina óige d’oibrigh Brianaí i nGlaschú áit ar fhoghlaim sé scil ina dtiocfadh leis leacáin dín a iompar i bhfráma ar bharr a chloiginn. Thiocfadh leis buicéad lán de phrátaí a iompar ar a chloigeann óna gharraí os cionn reilig Mhíobhaigh suas an mhalaigh ghéar sin go dtína theach cónaí. Bhí beathach agus carr cliathánach (jaunting car) aige nuair nach raibh carranna ar bith fan áit. Bhíodh an carr cliathánach páirceáilte ag ‘geafta an chairr’, tá an geafta seo ar thaobh an bhealaigh mhóir agus is geafta an chairr a bhéarann muid ar an áit seo go fóill. D’oibrigh a mhac John i Falkirk in Albain, áit ar oibrigh cuid mhaith de bhunadh na háite ann, mé fhéin san áireamh. Gabha a bhí i Mánas agus ba thall i nGlinsce i bhFánaid a fuair sé oiliúint ar a

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3