Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 17 cheird. Bhí a cheárta aige faoin teach. Ba mhinic a d’oibrigh mé na boilg mhóra dó a bhéarfadh craos de thine duit leis an iarann a théamh. Ba mhaslach an obair a bhí ann in amanna ag iarraidh cruitheacha a chur ar bheithigh a bhí ag dul leath ar mire. Ba ghnách leis a dhul go Falkirk ó am go ham agus bhí an bheirt againn ag stopadh sa bhothán chéanna, bhí sé cosúil le bheith sa bhaile mar go raibh an oiread sin de bhunadh na háite ag stopadh ann. Ba mhinic a bhí amanna ann a mbíodh muid ar an ghannchuid agus a mbíodh anás agus léan go leor, sin go minic de thairbhe anró an Gheimhridh. Cha dtiocfadh liom dearmad a dhéanamh de Mhánas mar gurb é an t-aon duine acu ina measc ar fad a chuireadh ceist orm an raibh mé gann in airgead. Phós sé ina dhiaidh sin bean as Iorras in aice le Cluain Máine. Fuair Mánas bás ar thaobh an chnoic os cionn Iorrais. Bhí siopa beaga grósaera ag a dheartháir Tony in aice leis an teach s’againne agus bhí tacsaí aige mar a bhí ag a dheartháir. Fágadh an teach agus an fheirm ag neacht (niece) leo, Bidí Rua. ( Nic Giolla Chearra). Dhíol sí an teach agus an chuid is mó den talamh le tógálaí. Leagadh an teach agus tógadh tithe saoire ar an talamh. Fuair Bidí bás sa ‘Lakehouse’ i bPort na Bláiche. Teach Uimhir 12. Aindí Rua Mac Giolla Bhríde. Teach seomra amháin ar a raibh ceann tuí ab ea teach Aindí Rua. Nuair a bhí Aindí óg thit sé de bheathach thíos ar an Mheall Mhór, cuireadh amach a ghualainn agus de thairbhe seo fágadh drochbhail air agus a dhroim cromtha go holc i rith a shaoil. Bhí cár thar a bheith láidir fiacla aige agus thiocfadh leis, ar an chéad phlaic, gearradh fríd rópa tiubh a d’úsáidfeadh tuíodóir (thatcher). Bhí sé ar chriú bád a chuaigh go Port a Bhogaigh am amháin, an dara lá déag de Iúil a bhí ann. Bhí siad istigh i dteach leanna agus tháinig an tOráisteach mór seo isteach. Cibé a dúirt Aindí leis thóg sé Aindí den talamh suas os a cheann agus bhí sé chun é a chaitheamh síos ar an urlár, ach ar dhóigh inteacht d’éirigh le hAindí ordóg an fhir mhóir a fháil idir a chuid fiacla agus bhí an phian comh fíochmhar sin gur thit an fear mór i laige. Thug Aindí agus an chuid eile den chriú aghaidh ar an bhád agus ar shiúl leo ‘na farraige. Char lean duine ar bith iad ar aon nós! Bhí dúil mhór ag Aindí sa gharraíodóireacht agus bhí úlla agus torthaí de chineá- lacha eile aige. B’iomaí uair thaitneamhach a chaith mé i dteach Aindí. Fágadh an teach agus an talamh ag a nia (nephew) John Bhrianaí Thuathail (Mac Giolla Bhríde). Cuireadh píosa leis an teach agus is air atá an chuma álainn slachtmhar. Is mór an chreidiúint sin don úinéir úr.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3