Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 18 Teach Uimhir 13. Stephen Jack Mac Giolla Bhríde. Bhí Stephen pósta ar bhean álainn as Doire a’Chasáin a raibh Nancy Rua uirthi. Chaith Stephen tréimhsí fada dá chuid ama ag guttáil iasc agus ar an dóigh sin thaisteal sé go dtí a lán poirt iascaireacha anseo, i Sasana agus in Albain. Bhí sé i dToraigh fosta. D’inis sé domh gur ghnáth leo an oíche a chaitheamh ag damhsa agus an lá a chaitheamh ‘na chodladh. Dúirt sé nach raibh fonn ar bith ar mhuintir Thoraigh go siúlfá ‘na bhaile le bean ar bith ón oileán. Nuair a bhí mé mo ghasúr óg ba ghnáth liom an drisiúr a phéinteáil do Nancy agus is iomaí cupa té a thug sí domh. Tá an bheirt acu ar shlí na fírinne anois le fada an lá agus tá drochbhail tagtha ar an teach. Teach Uimhir 14. Neidí Ó Gallchóir (Neidí Mhicí). Bhí Neidí pósta ar Ellen Nic Giolla Bhríde ( Ellen Mhicí John) as Gort na Luchóg. D’oibrigh Neidí tréimhsí thart fá Falkirk in Albain agus chaith sé tréimhse fosta, ina óige, sna póilíní i Londain. Beirt de chlann a bhí ag Ellen agus Neidí, sin Paidí agus Máire ach tá Paidí anois ar shlí na fírinne le cúpla bliain. Bhí mé fhéin agus Paidí ar an scoil le chéile. Bhí Ellen, máthair Phaidí ina bean gheal- gháireach agus ba ghnáth liom bualadh isteach achan lá mar gur thaitin a gcuideachta liom. Macasamhail mórán Éireannach bhain Paidí triail as a lán rudaí le cúpla punt a dhéanamh. Chaith sé tréimhsí ama fá Albain fosta áit a raibh a ghnó fhéin aige. Ba mhór an suim a bhí aige sa ghalf agus ba ghnáth leis tréimhsí a chaitheamh ar ghalfchúrsas Ros na Binne ag tabhairt cleachtaithe agus ceachtanna do ghailféirí. Chaith a dheirfiúr Máire páirt mhaith dá saol i Chicago. Bhí Paidí anseo fosta agus ba anseo a chas sé lena bhean chéile Bernadette. Bhí ceathrar clainne acu Éamonn, Liam, P.J. agus Máire. Bhí suim mhór ag Paidí i gcónaí i gcaranna seanré (vintage) agus choinnigh sé iad i ngaráiste mór thíos ar an Mheall Mhór. Tá a mhac P.J. a chaith a shaol in Aerfhórsa na Stáit Aontaithe sa bhaile anois. Tá Máire éirithe as a cuid oibre anois agus cónaí uirthi i Leitir Ceanainn. Teach Uimhir 15. Donchadh, Máire Mhór agus Bríd John Pheigí. (Mac Giolla Bhríde). Teach beag ceann tuí ina raibh dhá sheomra a bhí sa teach seo.Bhí an triúr i ndrochshláinte agus measartha sean. Bhí sé mar chliú ar Dhonchadh gur shnámhóir láidir a bhí ann ina óige. Beirt de theaghlach a bhí ag Donchadh agus Máire- - Neidí agus Annie. Pósadh Annie ar Neidí Mac Lochlainn ( Neidí Jimmí Brown) as Gort na Luchóg agus bhí cúigear
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3