Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 19 de theaghlach acu – Bidí, Donchadh, Jimmí, Máire agus Neidí. Bhí Jimmí pósta i nGaillimh áit a raibh sé ina gharda; bhí Bidí pósta ar Johnny Mac Rodaigh as Tír Lochán agus bhí cónai orthu i Leargán Riach áit a raibh clann mhór acu, tá Bidí agus Johnny ar shlí na fírinne anois le traidhfil maith blianta; phós Máire meicneoir gluaisteán as an Chraoslach agus tá cónaí orthu sna Tuatha; tá Donchadh agus a bhean Máire pósta ar an Chloich Bháin áit a raibh clann mhór acu fosta, tá duine de na mic, Éamonn, ina shagart amuigh sa Róimh; Char phlós Neidí agus tá cónaí airsean i Leargain Riach. Bhí aois mhór ag Annie nuair a fuair sí bás, cúpla mí goirid den chéad. Chuaigh a deartháir Neidí go hAlbain áit ar phós sé agus ar chaith sé a shaol. Tá an seanteach druidte anois le fada an lá. Teach Uimhir 16. James Ó Gallchóir/ James Mhicí. Bhí James pósta ar Sophie Ní Shibhleáin (Sophie Pharthalán) as an Ghlíob. Ochtar clainne a bhí acu, cúigear gasúr agus triúr níonach. Rinne James tréimhse iascaireachta le m’athair mór. Bhí sé fhéin agus cuid den chlann ag baint mhónadh fá Mhianach Umha, seo portach atá tuairim is ceithre nó cúig mhíle suas ó shráid- bhaile an Ghleanna. Shiúil siad an bealach go dtí’n portach agus ansin chuir siad suas puball (tent) de chineál éigin agus d’fhan ansin ceithre nó cúig de laetha go dtí raibh a gcuid oibre déanta. D’oibrigh duine de na gasúraí, Hughie Rua, ar ghalfchúrsa Ros na Binne ar feadh na mblianta.Chuaigh mac eile leo a raibh Paidí air agus Dinis Ó Gallchóir as an Ghlíob go dtí Móin Alúine (Bog of Allen) le hoibriú le móin ach cha deachaigh rudaí go rómhaith dóbhtha. Shiúil an bheirt acu ‘na bhaile, cha raibh an t -airgead acu le híoc as an chóras taistil. D’oibrigh an níon Bella in Óstlann na Trá agus in Óstlann Ros na Binne ar feadh blianta fada, cha raibh Bella pósta. Phós Sophia fear as Fánaid agus chuaigh sí a chónaí ansin. D’fhan Bidí, a bhí i ndrochshláinte, sa bhaile. Thug Johnny agus Jim aghaidh ar Shasana, fuair Johnny bás thall agus fuair Jim bás sa bhaile roinnt blianta ina dhiaidh sin . Díoladh an teach.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3