Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 2 Clár Ar an Chludach: Reáchtáil muid comórtas ealaíne na Nollag do Scoil Naomh Bríd, na Dúnaibh agus do Scoil Cholmcille, Duibhlinn Riabhach - Bhí dearaí deasa do chlúdach an eagráin seo a lorg againn. Bhí caighdeán an-ard léirithe ag na páistí & ba mhaith linn ar mbuíochas a ghabháil leofa uilig as an ealaín ghalánta a cruthaíodh go speisialta dúinn. Roghnaíodh beirt bhuaiteoir ó achan rannóg agus tá siadsan le feiceáil ar ár gclúdach faoi láthair. Comhghairdeas libh, a phaiste! Coirnéal Nan 2 Cluain tSaileach 9 Eachra ar an Teorainn 20 Muintir Frank 21 Scéim Leictreachas na Tuaithe i bParóiste Mhíobhaigh 42 CLG na nDúnaibh 1948 50 Céim Aniar Teoranta, Áras Ros Goill, Na Dúnaibh, Tír Chonaill. Ba mhaith linn uilig anseo i Céim Aniar ár mbuíochas a ghabháil libhse a léitheoirí a cheannaíonn Guth Ghoill go rialta agus daoibhse as baile a chuireann síntiús chugainn achan bhliain le go gcuirfí an iris chugaibh sa phost. Tá bhur ndílseacht do Ghuth Ghoill agus don Ghaeilge thar a bheith tábhachtach le go mairfidh an iris seo sna blianta amach romhainn. Tá muid thar a bheith buíoch fosta do na daoine uilig a chuireann alt chugainn mar is cinnte nach bhfuil sé furasta in amanna scríbhneoirí a fháil. Ach ba mhaith linn ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le Nan as a halt ‘Coirnéal Nan’ a chur isteach chugainn go rialta, níl feidhm é a iarraidh uirthi cúpla uair. Dar ndóigh is bean ghealgháireach í Nan atá lán de spraoi agus de chraic agus is cinnte go léiríonn na píosaí a scríobhann sí na tréithe seo. Chan iontas ar bith go bhfuil sí go fóill ina bean óg chroiúil ag 94. Maith thú a Nan. San eagrán seo fosta tá píosa breá scríofa ag Proinsí Mac Giolla Bhríde ( Proinsí Dhon- chaidh Mhíchíl) faoina bhaile dúchais féin, Cluain tSaileach, na tithe agus na daoine a bhí beo ansin le linn dó a bheith ag fás suas. Seo duine eile a bhfuil féith an ghrinn ann. Maith thú a Phroinsí. Fad saoil agus sláinte an bhradáin ag Proinsí agus ag Nan. Ba mhaith linn Nollaig shona agus athbhliain faoi mhaise a ghuí libh uilig agus tá súil againn nach mbeidh muid neadaithe ar feadh tréimhsí fada sa bhliain atá romhainn mar a bhí muid anuraidh. ceimaniar@eircom.net 074 9154830 086 268 1915
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3