Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 20 Chuir bás Paidí Dawson as Leitir Ceanainn, ansin le goirid, eachtra im chuimhne a tharla cóngarach don teorainn blianta fada ó shin. Ba seo sa bhliain 1960 le linn fheachtas teorann an IRA 1956/1962 a bheith faoi lánseol. Le linn an fheachtais sin bhí óglaigh an IRA ag díriú a gcuid ionsaithe ar fhoirgnimh agus ar áiteacha sna Sé Chontae agus ansin ag déanamh a mbealach trasna na teorann chuig tithe sábháilte sa Phoblacht. Baineann eachtra acu seo le teach sábháilte dá leithéid. Ag an am seo bhí na céadta garda sna stáisiúin in aice na teorann agus bhíodh seicphointí acu gan choinne, go háirithe san oíche. Tá an scéal seo fá scoil in aice na teorann. Ag an am sin shiúil páistí ‘na scoile agus ar an mhaidin áirithe seo shroich clann, ina raibh triúr páiste, an scoil go luath. Fad agus bhí siad thart fan scoil, ag fanacht leis na múinteoirí a theacht, mhaígh siad go bhfaca siad triúr fear ag dul amach fuinneog cheann de na seomraí ranga agus gur rith siad trasna na bpáirceanna. Ba ábhar mór cainte a bhí ann ag an am ach láimhseáil an príomhoide é ar nós cuma liom agus cha raibh seo cosúil leis. Rinne sé ábhar magaidh den eachtra ag rá go raibh cóisir ag na taibhsí agus go raibh cuid de na táblaí agus na cathaoireacha ag snámh thart fan tseomra ranga. Chan fear a bhí ann a bhí tugtha don ghreann. Bhí mé fhéin i gcónaí amhrasach go raibh rud inteacht aisteach ar siúl. Leathchéad bliain ina dhiaidh sin casadh Paidí Dawson orm i Leitir Ceanainn lá amháin. Bhí fhios agam go raibh Paidí gníomhach san fheachtas sin agus leoga go raibh sé i ngéibheann ag deireadh na gcaogadaí. D’fhiafraigh mé do Phaidí an raibh Scoil X ina theach sábháilte, ag an am sin, do na hóglaigh a bhí ar a dteitheadh. Char chuir Paidí fiacal ann ‘You’re dead right’ ar seisean. Ba sin rúndiamhair leathchéad bliain réitithe domhsa. Chuir sé mé ag machnamh go mbfhéidir go raibh an príomhoide a bhí i gceist sa bhád chéanna leis na hóglaigh! Tá súil agam go bhfuil teach sábháilte faighte ag Paidí agus a chom- rádaithe anois sa saol eile, áit nach gcuirfidh páistí callánacha isteach orthu a thuilleadh agus nach mbeidh orthu theacht amach fuinneoga ar bith eile. Ar dheis Dé go raibh a n-anamacha dílse.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3