Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 21 Tá muid ag dul ar ais go Dumhaigh uair eile le hamharc ar theaghlach a bhfuil aithne leithéideach orthu agus a bhfuil a gcuid craobhacha scaipthe acu i ngar is i gcéin, ó chur siad futhú i nDúmhaigh, déarfainn, corradh agus dhá chéad bliain ó shin, sin teaghlach Uí Bhuaighe nó Muintir Frank mar is fearr aithne orthu. Dar ndóigh níl sé ach traidhfil blianta ó bhí fear den bhunadh sin, Pilib Ó Buaigh, ina Easpag ar dheoise Rath Bhotha; beidh muid ag tabhairt ruaig siar ar a shaol níos moille san alt seo. Nuair a théann tú siar ar shloinneadh ar bith sa tír seo tá sé de mhíbhuntáiste agus de mhí-ádh mór orainn nach bhfuil mórán de na daonáirimh (census) a rinneadh sa tír seo sa naoú haois déag (19 th century) le fáil anois. Rinneadh an chéad daonáireamh sa bhhliain 1821 agus tosaíodh a ndéanamh achan deich mbliana as sin ar aghaidh. Milleadh cuid acu go luath i ndiaidh don eolas a bheith bailithe uafa; rinneadh laíon (pulp) de chuid eile acu ag tús an Chéad Chogaidh mar go raibh ganntanas páipéir sa Bhreatain ach rinneadh an damáiste ba thromchúisí de na cáipéisí seo nuair a dódh an chuid is mó acu sna Ceithre Cúirteanna, tharla sin nuair a cuireadh an foirgneamh seo ar thine go luath i ndiaidh tús a bheith curtha leis an Chogadh Cathartha (Civil War) i 1922. Tá an t-ádh orainn go bhfuil an daonáireamh ón bhliain 1901 agus ón bhliain 1911 slán go hiomlán againn. Thosaigh Griffith’s Valuation i gCo Dhún na nGall sa bhliain 1857. Tugann Griffith Valuation eolas dúinn faoi na daoine a raibh talamh agus tithe acu in achan pharóiste sa Chontae ag an am seo. Mar sin de thig eolas a fháil anseo ar na sloinnte a bhí sna bailte fearainn in achan pharóiste. Lena chois sin thig amharc sna ‘Tithe Applotment Books’ 1827 . Bhí ar fhear ar bith a raibh píosa de thalamh curadóireachta (arable land) aige ‘tithe’ nó cíos a íoc leis an Eaglais Phrotastúnach san am sin. Bhí an cíos seo chun cuidiú leis an Eaglais Phrotastúnach a gcuid ministrí a íoc agus a choinneáil agus bhí ar Chaitlicigh an cíos seo a íoc comh maith le Protastúnaigh. Ansin athraíodh an riail agus bhí ar dhaoine a raibh píosa talaimh de chineál ar bith acu an cíos seo a íoc. Cuireadh deireadh leis an chíos seo sa bhliain 1838. Sna ‘Applotment Books 1827’ tá liosta d’ainmneacha na ndaoine, a raibh píosa talaimh acu agus a raibh orthu an cíos seo a íoc, cláraithe, ach ar an drochuair, cosúil leis an Griffith Valuation, níl aon eolas breise tugtha faoi na teaghlaigh seo. Cé go bhfuil teorainn leis an méid eolais atá sa Griffith Valuation agus sna Applotment Books is maith ann iad. Ach, tá an t-eolas a thagann anuas chugainn ó ghlún go glún, má tá sé ar fáil, níos fearr ná aon taifead agus go minic bíonn sé níos cruinne.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3