Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 22 An Sloinneadh Ó Buaigh i bParóiste Mhíobhaigh. Applotment Books 1827: Uachtar Ros Goill: Má théann tú fríd na bailte fearainn sna ‘Applotment Books’ 1827 tchífidh tú go bhfuil 35 teaghlach leis an sloinneadh Ó Buaigh i bParóiste Mhíobhaigh. Ba i dTulach a bhí bunús na dteaghlach seo, 22 teaghlach ar fad. Bhí 13 teaghlach, leis an sloinneadh seo, sa chuid eile de na bailte fearainn san Uachtar. Íochtar Ros Goill: Cha raibh ach teaghlach amháin leis an sloinneadh sin san Íochtar agus ba sin i nDumhaigh, fear a raibh James Boyce air. Cha raibh an Ghléib san áireamh sa chuntas seo mar gurb leis an Eaglais Phrotastúnach an Ghléib. Dá mbeadh sé san áireamh is dócha go mbeadh ainm Éamonn Ó Buaigh (athair mór Mhici Rua) le fáil anseo. Mar sin de, de réir na ‘Applotment Books’, cha raibh ach an dá theaghlach leis an sloinneadh Ó Buaigh san Íochtar 1827, James Ó Buaigh i nDumhaigh agus Éamon Ó Buaigh ar an Ghléib. Griffith Valuation 1858: Uachtar Ros Goill. Triocha bliain ina dhiaidh sin thig linn amharc ar an Griffith Valuation agus bheifeá ag súil go mbeadh méadú ag teacht ar líon na dteaghlach mar go mbeadh glún eile ag teacht ‘un tosaigh agus ag pósadh agus sin mar a bhí sé. Sa bhliain sin bhí 58 teaghlach den sloinneadh sin sa pharóiste. Bhí 27 teaghlach anois i dTulach agus 27 teaghlach sna bailte fearainn eile san Uachtar. Íochtar Ros Goill: In Íochtar Ros Goill tá 4 theaghlach de mhuintir Uí Bhuaighe sa bhliain 1858 . Tá Frank Ó Buaigh i nDumhaigh ( is dócha gur seo mac le James Ó Buaigh, (Applot. 1827); Tá Pádraig Ó Buaigh ar an Ghléib (seo mac le hÉamonn, Applot. 1827 agus athair mór le Paidí Mhicí Rua); Tá Tuathal Ó Buaigh ar an Ghléib fosta agus teach glactha aige ar cíos ó Thuathal Ó Dubhthaigh (athair John Thuathal Mór), níl talamh ar bith aige; i nDún Dúbháin tá Eoin Ó Buaigh (John Boyce). Báthadh: Cailleadh Paidí Ua Buaigh agus a mhac Frank i mBáigh Thráigh na Rosann ar an dara lá de Lúnasa 1894, le linn dóbhtha bheith ag iascaireacht gliomach. Cha raibh Frank ach seacht mbliana déag. Bhí Paidi pósta ar Sally Nic Giolla Bhríde (Sally Dhónail) as Dún Dúbháin agus bhí an chloigeann déag de chlann acu. D’fhéadfadhse go raibh Paidí ina mhac ag Eoin Ó Buaigh (Griff. Val.1858) ach cha dtig a bheith cinnte fá seo mar, mar a dúírt mé, níl sonraí teaghlaigh luaite leis na ‘Applotment Books’ ná leis an ‘Griffith Valuation’. Lena chois sin bhí Biddí Ní Bhuaigh nó Biddí Boyc pósta i nDún Dúbháin fosta ar Mhánas Mac Giolla Bhríde. An níon le hEoghan Ó Buaigh a bhí intí nó an as

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3