Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 23 Dumhaigh a tháinig sí? Tá an tuairim ann gur as Tulach a tháinig muintir Uí Bhuaigh go hÍochtar Ros Goill ar dtús agus d’fhéadfadh seo a bheith fíor de thairbhe comh coitianta agus a bhí an sloinneadh i dTulach ach níl cinnteacht ar bith fá seo ach oiread. Ach má chreideann muid an méid atá sna taifid – ‘Applotment Books 1827’ caithfear glacadh leis gur ar an Ghléib agus i nDumhaigh a bhí na chéad teaghlaigh den tsloinneadh seo le fáil ar dtús. Frank Ó Buaidhe. (1821) agus Gracie Nic Giolla Bhríde (1825) Tá teach mhuinitir Frank ansin go fóill i nDumhaigh, cé nach bhfuil cónaí ar bith a dhéanamh ann anois. Tchífidh tú é suite ar thaobh na láimhe deise, thuas ar an ard ón bhealach mhór agus tú ar an bhealach ó Mhalaigh ‘n Droma síos go dtí an tSeanbhaile. Tá sé suite istigh go seascair idir teach mhuintir Eoin agus teach Aindí Hughie. Thig a shamhlú gur tithe ceanntuí a bhí sna tithe seo nuair a tógadh iad ach cuireadh bail orthu nuair a thosaigh an Rialtas ag tabhairt isteach scéimeanna le cuidiú le daoine a gcuid tithe a fheabhsú. I gceann de na scéimeanna seo bhí ort cró cearc a thógáil mar chuid den obair sa dóigh go gcáileofá don deontas. Creid nó ná creid! Ba ar imeall na trá a thóg na chéad teaghlaigh a rinne cónaí i nDumhaigh a gcuid tithe. Ansin ina dhiaidh sin nuair a tosaíodh ar thithe úra a thógáil, tógadh iad níos faide ar shiúl ón tráigh. Tugadh ‘na tithe úra’ ar na tithe seo agus an Seanbhaile ar an chuid den bhaile a bhí in aice na mara. Cha raibh cónaí ar bith i dteach Frank anois ó fuair an bheirt dheireanach a rinne cónaí ann bás, ba sin na deartháireacha John agus Pádraig Frank; fuair siad bás i 1990. D’fhan an t -ainm Frank leis an teaghlach seo ó rugadh Frank 1821 – sin chóir a bheith dhá chéad bliain ó shin, agus cosúil le cuid mhaith teaghlach eile ba dhóigh iontach éifeachtach a bhí ann le teaghlaigh a raibh an sloinneadh céanna acu a aithint ó chéile. Bhí Frank pósta ar Ghracie Nic Giolla Bhríde as an Chorrach agus rugadh dhá chloigeann déag de chlann dóbhtha, seachtar mac agus cúigear níonach ach fuair duine de na girseachaí bás óg: Jamie, Frank, Tuathal, Chéarlaí, Muiris, John (1859 — 1941), agus Pádraig (1874 -1952) agus ar na girseachaí bhí Cití, Máire(1875), An- nie (1870) agus Bidí (1854). An Chlann: Níl eolas ar bith againn fá thriúr acu, sin Muiris, Cití ná Máire. James (Jamie): D’imigh Jamie go Meiriceá. Bhí mac aige, Ignatus, a bhi ina shagart. An tAth. Ignatius Ó Buaigh, mac le James Frank, amuigh i Meiriceá .

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3