Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 24 Frank: Bhí Frank pósta ar dhuine de mhuintir Uí Dhochartaigh as an Uachtar. Chéarlaí: Chuaigh Chéarlaí go hAlbain, áit ar pósadh é. Ba ghnáth leis a theacht ‘na bhaile ar laetha saoire. Tuathal: Chuaigh Tuathal go hAlbain áit ar oibrigh sé ar na bóithre iarainn. Ach ar an drochuair bhain drochthaisme dó, loiteadh go holc sa chloigeann é agus cha dearn sé a dhath maith ní ba mhó ina dhiaidh sin. Annie: Bhí Annie pósta i nDumhaigh ar John Ua Siadhail ( John Tarry) agus bhí seachtar clainne acu ach fuair beirt acu bás óg. Bhí ceathrar girseach: Sophie (1892), Margery (1898), Máire(1900), agus Gracie (1903) agus gasúr amháin, sin Chéarlaí (1906). Bidí: Bhí Bidí pósta ar Mharcas Mac Laifeartaigh (Bhoy) ar an Bhaile Úr agus bhí ochtar clainne acu, ceathrar girseach: Máire, Gracie (1891--1944), Cití (1894), agus Nóra (1889 — 1962), agus ceathrar gasúr: Frank (1885 — 1955), Mark (1896), John (1883 — 1957),Barney (1887). John Ó Buaidhe ( John Frank) agus a Chlann. Amach as an dá chloigeann déag de theaghlach ba John, a rugadh sa bhliain 1859 a bhí fágtha sa teach. Phós sé Máire Ní Dhubhaigh nó Máire Chonchúr Rua as Baile ‘n tSléibhe sa bhliain 1892. Bhí naonúr clainne acu, cúigear mac agus Sa phictiúr seo tá John Frank agus a bhean Máire Ni Dhubhaigh (Máire Chonchúr Rua), tá siad ina seasamh ‘ un tosaigh ar chlé. Tá cúigear dá gclann sa phictiúr fosta, tá Pádraig, John agus Frank sa line cúl ó chlé agus sa line tosaigh, an 4ú agus an 5ú duine ó chlé tá níon le John Frank, sin Bidí ( a bhí pósta ar Jimmy Antoin) agus a mhac Nochaí. Ina sheasamh ar dheis in aice le Nochaí tá Jimmy Antoin (fear céile Bhidí). Istigh sa line cúil idir John agus Frank tá Madgie Ned,( bhi sí pósta ar Neety Mac Laifeartaigh) sin níon Nochaí. ‘ Sé an tAth. Pilib Ó Buaidhe, mac le Pádraig Frank ( athair mór an Easpaig) atá ina sheasamh i lár an chéad line.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3