Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 25 ceathrar níonach: Nochaí (Conchúr) (1895),Frank (1898), Den (1900), John (1911), Pádraig (1915) agus na girseachaí: Gracie (1893), Hannah (1903), Biddy (1906), Máire (1908).Fuair John bás sa bhliain 1941 agus a bhean Máire sa bhliain 1953. Cosúil le lear sloinnte eile fágadh amuigh glún as an ainm fosta agus in áit a bheith ag rá, Nochaí John Frank fágadh amuigh an John agus fágadh an t-ainm mar Nochaí Frank. Tá sé mar an gcéanna le hainmneacha eile an teaghlaigh. Nochaí (John) Frank: Chaith Nochaí tréimhse ag iascaireacht, seo le linn don iascaireacht mhór a bheith ar siúl sna Dúnaibh, go luath san 20ú aois. De réir Pat Conaghan ina leabhar ‘Zulu Fisherman’ bhí Nochaí ar dhuine den chriú a ghlac seilbh ar an bhád iascaireachta an ‘St.Winifred’ an 3ú Deireadh Fómhair 1914. Ach nuair a thit an tóin as tionscal na hiascaireachta bhí ar dhaoine a dhul ag lorg oibre, sin nó a dhul ar imirce, rud a rinne cuid mhór daoine. Ach fuair Nochaí post le Comhairle Contae Dhún na nGall agus chaith sé blianta fada ag obair leo. Bhí Nochaí pósta ar Bhidí Ní Shiadhail (1897 — 1964) agus bhí seisear clainne acu, triúr gasúr agus triúr girseach: Pat (1924). Bhí Pat ina gharda. Chaith sé tréimhsí mar gharda in áiteacha éagsúla sa Chontae ach ba i nGaoth Dobhair, áit a raibh ardmheas air, a chaith sé an tréimhse ab fhaide, fiche bliain. Bhí sé tréimhse ar an Chlochán Liath fosta go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 1977. Cha raibh Pat pósta agus fuair sé bás 2006. Ned (1926). Chuaigh Ned go Londain, tá sé pósta thall an- sin agus triúr clainne aige. John (1938). Bhí John ar an duine ab óige den chlann agus múinteoir scoile a bhí ann. Chríochnaigh sé a shaol múinteoireachta mar phríomhoide i scoil an Tearmainn áit ar chaith sé naoi mbliana déag. Pósadh John ar Tessie Ní Chinnéide agus bhí cúigear clainne acu. Ar an drochuair fuair beirt de na gasúraí, Rónán agus Gareth, bás ina bhfir óga, crois a bhí thar a bheith trom ar John agus ar Tessie. Madgie (1920): Múinteoir scoile a bhí in Madgie fosta. Chaith sí tréimhse ag teagasc i gCo.Mhuineacháin, i gCarraic agus an chuid eile dá saol múinteoireachta i Scoil Dhoire a’ Nochaí Frank Pat John & a dheartháir Ned Madgie
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3