Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 26 Chasáin. Pósadh í ar Neety Mac Laifeartaigh agus bhí mac amháin acu, Hugo. Cha raibh Madgie ach 58 bliain d’aois nuair a fuair sí bás sa bhliain 1979. Máire (1923): Chaith Máire a saol fan bhaile. Cha raibh Máire pósta. Fuair sí bás Deireadh Fómhair 2004. Nóra (1933). Chaith Nóra páirt mhaith dá saol ag obair mar bhainistréas (manageress) sa Fort Royal i Ráth Maoláin. Tá Nóra ina cónaí sna Dúnaibh. Fuair Nochaí bás sa bhliain 1972 agus a bhean Bidí 1964. John, Frank, Den, agus Pádraig a bhí ar an chuid eile de na mic a bhí ag John Frank agus ag Máire Chonchúir Rua. Chuaigh Den go Meiriceá, áit a raibh sé pósta ach cha raibh clann ar bith aige. Chaith Frank agus Pádraig a gcuid ama idir Albain agus an baile ach bhí John in Al- bain bunús an ama. D’fhan Pádraig fan bhaile ansin áit a raibh caoirigh agus stoc aige. Bhí Frank anonn agus anall go hAlbain ach ansin nuair a thosaigh an goile a thabhairt buairimh do d’fhan sé sa bhaile. Chuaigh sé isteach ‘n otharlainne sa deireadh áit a bhfuair sé bás. Ba seo sa bhliain 1959 agus gan é ach bliain agus trí fichid d’aois. Tháinig John, fear a raibh an ‘Singer Boyce’ mar leasainm air ‘na bhaile ag deireadh a shaoil agus chaith sé fhéin agus Pádraig na blianta deireanacha i gcuideachta a chéíle sa teach i nDumhaigh. Fuair an bheirt acu bás sa bhliain 1990. Cha raibh Frank, Pádraig ná John pósta. Hannah: Chaith Hannah tréimhse i Meiriceá i gcuideachta a deirféar Bidí. Ach tháinig sí ‘na bhaile agus pósadh í ar Phádraig Mac Giolla Bhríde (Paidí Shéarlaí) as Doire ‘n Chasáin agus bhí triúr clainne acu, Peigí, Sadie agus Máire. D’imigh Peigí agus Máire go Meiriceá ina ngirseachaí óga áit a bfhuil cónaí orthu go fóill. Múinteoir a bhí i Sadie ach d’éirigh sí as roinnt blianta ó shin. Bhí sí pósta ar Rónán Mac Suibhne ar an Bhaile Áir ach tá Rónán anois ar shlí na fírinne. Fuair Hannah bás gan choinne sa bhliain 1966, cha raibh sí ach trí bliana thar na trí fichid. Bidí: Mar a luaigh mé bhí Bidí agus Hannah i gcuideachta a chéile i Meiriceá. Nuair a tháinig Bidí ‘na bhaile pósadh í ar Jimmí Mac Eiteagáin ( Jimmí Antoin) Máire & Nóra Pádraig Frank (ar chlé) agus a dheartháir John taobh amuigh dá dteach i nDumhaigh. B ’ iad an bheirt dheireanach de mhuintir Frank a rinne cónaí sa teach Den Frank

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3