Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 27 agus bhí mac amháin acu, Anton. Bhí Anton pósta ar Mháire Nic Laifeartaigh (Fina) agus bhí ceathrar clainne acu. Peileadóir den scoth a bhí ann agus d’imir sé don Chontae sna caogadaí. Tá Anton anois ar shlí na fírinne. Bhí saol breá gnoitheach ag Bídí ar an Mhuirleog, áit ar reáchtáil sí teach lóistín do mhic léinn a thagadh anseo ag foghlaim Gaeilge. Fuair Bídí bás 1993. Máire: D’oibrigh Máire i monarchan cniotála sna Dúnaibh ar feadh tamall fada. Ba seo monarchan cniotála a chur Bridget Ní Ghallchóir (máthair an Easpaig) ar bun sular pósadh í. Bhí Máire pósta ar an Mhuirleog ar Donie Mac Giolla Bhríde agus bhí mac amháin acu, Danny. Chaith Danny a shaol mar gharda, d’oibrigh sé i mBaile an Mhóta, Co.Shligigh; Cionn Locha, Co.Liatroma; ar an Chlochán Liath; An Dúchoraidh agus ocht mbliana déag ar an Fhál Carrach, áit ar éirigh sé as sa bhliain 2003.Tá Dan- ny pósta ar Rosemary Duffy agus cónaí orthu ar an Mhuirleog. Cosúil lena deirfiúr Bidí choinnigh Máire mic léinn fosta a bhíodh ag foghlaim Gaeilge. Fuair Máire bás i 1983. Gracie: Bhí Gracie ar an duine ba sine den chlann. Bhí sí pósta i gCluain tSaileach ar Dhónal Mac Daibhéid ( Dónal Shéarlaí Phaidí). Bhí naonúr clainne acu. (Amharc ar ea- grán 47 de Ghuth Ghoill) Seo Máire Frank, a bhí pósta ar Donie Mac Giolla Bhríde agus ina cuideachta tá cuid de na scoláirí a choinnigh sí le Gaeilge a fhoghlaim. Gracie Frank An Garda Dónal Mac Giolla Bhríde Seo beirt níonach le John Frank, Bidí (Mhic Eiteagáin) agus Hanna (Mhic Giolla Bhríde). Anton, mac Bhídí . Níonacha Hannah; Peigí, Sadie agus Máire Anton, mac le Bidí Frank
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3