Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 28 Pádraig Ó Buaigh (Pádraig Frank) 1874 -1952. ‘Sé Pádraig a bhí ina athair ag Joe Ó Buaigh (Joe Boyce) agus ina athair mór ag an Easpag Pilib Ó Buaigh. D’imigh Pádraig go hAlbain nuair a bhí sé ocht nó naoi mbliana déag, go díreach mar a rinne na sluaite de bhunadh na háite le linn na mblianta sin. Ba bhealach éalaithe a bhí ann dóbhtha sin a bhí ag iarraidh éalú ó anás, léan agus leatrom an cheantair. D’imigh siad sa tóir ar shaol níos fearr, cuid acu fuair siad sin agus, leoga, fágadh go leor acu ar an ghannchuid agus ar an tráigh fholamh fosta. Chaith sé tréimhse ag obair ar an bhóthar iarainn mar a rinne cuid mhaith de bhunadh na háite a chuaigh anonn ag an am sin, Bhí na línte iarnróide a leagan in Albain le linn na mblianta sin. Ba ghnách le Pádraig a theacht ‘na bhaile go rialta ar a chuid laetha saoire. Ba i nGlaschú a casadh Máire Nic Giolla Chomhaill (Mary Coyle) dó, bean as an Dromainn atá in aice le Donemana i gCo. Thír Eoghain agus pósadh iad sa bhliain 1899. Cúigear clainne a bhí acu ach fuair beirt acu bás ina naíonáin agus ar an triúr a bhí fágtha bhí: Gracie (1901 — 1987), Joe (1903 — 1985) agus Philip (1905 — 1983). Ar chuairt ‘na bhaile dó sa bhliain 1952 fuair Pádraig niúmóine ar bhád Dhoire agus ba seo a thug a bhás. Múinteoir scoile ab ea a níon Gracie agus ba í a scríobh an t- amhrán imirce áitiúil sin, ‘Dooey Grá mo Chroí’. Cé gur rugadh agus gur tógadh Gracie i nGlaschú thuig sí an grá a bhí ag a hathair don cheantar inár rugadh é agus scríobh sí na focla amhail is gur a hathair a bhí a scríobh. Cha raibh Gracie pósta agus chaith sí a saol ag teagasc i nGlaschú, áit a bhfuair sí bás i mí na Samhna 1987. Ba shagart a bhí in Philip agus ba i nGlaschú a chaith sé a shaol mar shagart. Rinneadh é a oirniú sa Róimh 1931. Ba ghnáth leis a theacht go Dumhaigh agus ‘na nDúnaibh chuig a dheartháir Joe ar laethanta saoire. Fuair sé bás sa bhliain 1983. Seo Gracie aintín an Easpaig. Ba dheirfiúr le Joe Boyce a bhí in Gracie. Ise a scríobh ‘ Dooey Grá Mo Chroí ’. Cuid de na mná a bhí ag obair sa mhonarchan cniotála le Bridget: Tá Máire Frank, a bhi pósta ar Donie Mac Giolla Bhríde ar an chéad duine ar cúl ó chlé agus tá Máire John Eoin a bhí pósta ar Chéarlaí Carr ar an tríú duine ó chlé sa line tosaigh. Seo Pádraig Ó Buaigh, ( Pádraig Frank) athair mór an Easpaig.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3