Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 29 Joe Ó Buaigh agus a bhean Bridget. Ba ghnách le Joe a chuid laetha saoire a chaitheamh fan cheantar agus ar cheann de na cuairteanna seo casadh a bhean chéile Bridget dó. B’as Ráth Maoláin do Bhridget ach bhí aithne mhaith aici ar na Dúnaibh fan am ar chas sí le Joe. Seo bean ina raibh acmhainneacht agus ábaltacht agus leoga thiocfaí a rá gur fhiontraí (‘entrepraneur’) ceart a bhí inti. Chuir Bridget iarratas isteach chuig an Rialtas ar scéim a bhí siad ag reáchtáil le cuidiú le daoine tús a chur lena ngnó fhéin. Mar thoradh ar seo bhí uirthi Ráth Maoláin a fhágáil agus aghaidh a thabhairt ar Ballydehob i gCo Chorcaigh, áit a raibh oiliúint agus traenáil a chur ar fáil le taispeáint do dhaoine an dóigh le hinnill chniotála a úsáid. I ndiaidh a tréimhsé oiliúna shocraigh sí, ar chúis nach bhfuil soiléir ach b’fhéidir go raibh deontais Ghaeltachta le fáil, gur sna Dúnaibh a chuirfeadh sí tús lena gnó. Chuaigh a gnó ó neart go neart agus d’éirígh léithe neart daoine a fhostú. Ba mhná a d’fhostaigh sí mar go raibh an obair chniotála agus an obair chróise fóirsteanach do mhná. Bhíodh cuid mhór cuairteoirí thart i rith an tSamhraidh agus bhuailfeadh siad is- teach lena cuid earraí cniotáilte agus cróiseáilte a cheannacht. Bhí bean istigh aici lá amháin agus d’inis sí do Bhridget go bhfaca sí blús cróiseáilte den chineál a bhí aici fhéin, le linn díthe a bheith ar laetha saoire in Kiev, agus nuair a cheistigh sí an bhean seo a raibh an blús uirthi hinsíodh di go bhfuair sí é i mbaile beag in Éirinn darbh ainm na Dúnaibh. Bhí caighdeán na hoibre ag díol a cuid earraí. Bhí teach John Kelly ( an teach a bhfuil Marion Buchanann ann anois) ar cíos aici agus ba seo an áit a raibh na hinnill aici i dtús báire. Duine de na mná a bhí ag obair aici ab ea Máire Nic Giolla Bhríde, (Máire Frank), colceathair le Joe agus b’ise a chur Joe agus Bridget in aithne dá chéile. Roinnt blianta ina dhiaidh seo d’aistrigh siad an t -innealra go dtí an teach atá ar chúl na háite ar ghnáth le hOifig Poist na nDúnaibh a bheith lonnaithe. Pósadh Joe agus Bridget sa bhliain 1937 agus bhí triúr clainne acu, Pilib (1940), Joe (1941) agus Maureen (1943). Bhí siopa beag ag Cití Nic Eiteagáin (Cití Antoin) os ceann na céidhe agus cheannaigh Joe an siopa uaithi. Ba anseo a shocraigh Joe teach úr agus an siopa a Joe agus Bridget, ar la a bpósta. Pilib, Joseph agus Máirín ina bpáistí.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3