Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 3 Bhí mé ag insint daoibh san eagrán deireanach faoin lánúin Ghearmánach, Guntar agus Hilda, agus an dóigh a d ’ fhág siad aghaidh dhearg agamsa agus ag Bill agus Bob, beirt de bhunadh na háite. Tá mé cinnte nach ndearna an bheirt sin (go mbeidh Dia maith dóbhtha) dearmad ariamh den lá sin ar thaobh Thráigh na Rosann de Chnoc na Sleá. Tá a fhios agam nach ndearna mise dearmad de agus cha ndéanaim a choíche. Sin an focal sin ag teacht aníos arís. ‘ choíche. ’ Mar a luaigh mé cheana, d ’ inis mo mháthair domh a bheith cúramach leis an fhocal sin mar nach bhfuil a fhios ag daoine cad é ata rompu, agus bhí an ceart aici. Tuigim go maith anois cad é a bhí sí ag rá. D ’ inis mé daoibh gur gheall mé domh fhéin nach rachainn a chóir uisce le turasóirí a choíche arís agus is mór an trua nár chloí mé le sin. ‘ Sé ’ n rud is mó a chur iontas ormsa an lá sin ná gur dochtúir a bhí i nGuntar agus bhí Hilda ina hiar - bhanaltra agus mheas mé fhéin nach mbeadh a leithéidí a n - iompar iad fhéin mar sin. Cibé ar bith b ’ éigean domh m ’ fhód a sheasamh nuair a chonaic mé go raibh an bheirt seo lán sásta dul rith a ’ bhealaigh ‘ na bhaile gléasta mar a bhí Ádhamh agus Éabha sa ghairdín, sular bhain Ádhamh plaic as an úll. “ Clúdaígí sibh fhéin, ” a dúirt mé leofa, “ nó cha ghlacaim coiscéim eile libh. ” Bhí iontas orthu gur chuir a nochtacht isteach orm. Tá sé doiligh sin a chreidbheáil ach sin mar a bhí. Fathach d ’ fhear mór maol a raibh féasóg air, agus a hippie de bhean ag siúl ar an choimíneacht gan stitch orthu. Rómhaith a bhí a fhios agam go raibh Bill agus Bob ar shiúl isteach romhainn agus go mbeadh an scéal a scaipeadh acu. Síleann daoine sa lá atá inniu ann go dtig leo eolas a scaipeadh go tapaidh ar Facebook ach tá mé ag insint daoibh, cha rachadh scéal thart ar Facebook leath chomh tapaidh is a rachadh scéal mar seo thart ar cheantar s ’ againne sna laethanta sin. Bheadh na comharsana uilig amuigh ag feitheamh orainn. Rinne mé an oiread sin gearán le Guntar agus Hilda go raibh orthu géilleadh domh sa deireadh thiar thall is choinnigh mé súil ghéar amach a fhad is a bhí siad a ngléasadh fhéin. D ’ imigh muid linn ina dhiaidh sin agus mise breá sásta liom fhéin. Chan amháin
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3