Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 30 bheith aige, seo sa bhliain 1950. Bhí an siopa agus cistin bheag ar íochtar agus an áit chónaí thuas staighre comh maith le seomra ina ndearna a mháthair a cuid oibre. Chaith Joe páirt mhór dá shaol ag obair sa tsiopa ach cosúil le cuid mhór de na siopaí beaga bhí a ré thart agus druideadh an siopa sna hochtaidí. Fuair Joe post mar mhaoirseoir leis an eagraíocht FÁS. Pósadh é ar Annie Nic Laifeartaigh agus bhí duine amháin clainne acu, sin Pilib. Cha raibh Joe ach 65 nuair a fuair sé bás i mí Eanáir 2006. Chuaigh Maureen isteach sna mná rialta, ord na Holy Faith Sisters. Chaith sí lear blianta amuigh i gCalifornia ag teagasc. Tá sí anois istigh i gClochar na Holy Faith Sisters i mBaile Átha Cliath. Níl an tsláinte go maith aici anois. Óige Pilib. Rugadh Pilib i 1940. Chaith sé blianta a óige sa teach sin ar chúl Oifig an Phoist agus is cuimhin leis a bheith ag súgradh thart fan teach seo leis an chuid eile den chlann, Joe agus Maureen, agus dar ndóigh ba ón teach seo a chuaigh sé ‘na scoile don chéad uair. Bhí eachtra amháin a sheasann amach sna luathbhlianta sin, lá a raibh sé fhéin agus Josie amuigh ar an bhealach mhór ar chúl a’ tí. Bhí seisean tuairim is trí cheathrú bealaigh suas an mhalaigh nuair a chuala sé an bhéic ag teacht ina dtreo, bean a bhí ag teacht anuas an mhalaigh ar rothar agus is dócha gur bhuail eagla an bhean bhocht ar fheiceáil di an bheirt pháiste i lár an bhealaigh mhóir. Go hádhúil char leag sí duine ar bith ach reáchtáil sí an rothar isteach sa bhruach ar thaobh an bhealaigh le cuidiú léithe stopadh. Char gortaíodh duine ar bith! Bhí John Ned, Charlie Carr agus na Táilliúirí ina gcónaí i ndeas dóbhtha agus iadsan na cairde a bhí aige le linn a óige. Rinne siad a gcúrsa gailf fhéin; bhí poll acu ar Chnoc Mhánais agus poll eile in aice le binn na ceárta fonsóra. (cooperage). Cha raibh mórán bataí gailf acu eatorra ach nár chuma, b’iontach an caitheamh aimsire a John Ó Buaigh (John Ned) & Joseph & Pilib ina bpáistí ag spraoi ar an tráigh. Cairde Philib ina óige, iad cruinnithe thart fan churach; Padraig Mac Giolla Bhríde (Pádraig a ’ Táilliúr), Seosamh Ó Buaigh, Pilib, Éamonn Mac Giolla Bhríde (a ’ Tailliúr), John Mac Giolla Bhríde (a ’ Táilliúr) RIP.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3