Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 31 bhí ann do pháistí — ina seasamh ar Chnoc Mhánais agus an cnag a bhualadh agat comh cruaidh is thiocfadh leat. Rinne siad na gnáth rudaí eile a rinne páistí ag an am fosta – ag cuartú neadracha éan agus thíos ar an tráigh fríd na carraigeacha a bhíonn lán de phoill uisce, áit gur féidir le paistí iontas a dhéanamh den saol beo a bhíonn sna poill uisce seo. Ba ghnách leis a dhul go dtí an chéidh nuair a thiocfadh bádaí iascaireachta isteach agus ba mhinic a fuair sé éisc uafa. Corruair thiocfadh na bádaí bradáin isteach ‘na céidhe maidin Dé Domhnaigh agus ba ghnáth leofa daoine a thabhairt ‘un Aifrinn go dtí na hArdaí. Ba ghnách leis an chlann a dhul go New- bridge in aice le Ráth Maoláin le linn saoire an tSamhraidh ón scoil, áit a raibh cónaí ar a aintín agus ar a uncail agus is cinnte gur bhain siad sult mór as an saoire seo mar go raibh feirm acu. Ar an Scoil. Chuaigh sé go Scoil Dhoire a’ Chasáin, thaitin an scoil go mór leis. Miss Mc Gill an chéad mhúinteoir a bhí aige, bean as Ard a’Rátha. Bhain sé sásamh as obair na scoile agus char mhothaigh sé go raibh saol na scoile ar dhóigh ar bith leadránach. Bhí Máire Nic Fhionghaile (Máire Mhic Suibhne), Finola Harte, Mícheal Mharcais agus Pádraig Ó Gallchóir (Paidí Simon) sa rang leis. Bhí Miss Mc Gill ‘na cónaí tigh Den Coyle agus corruair thiocfadh sí ar cuairt chuig a mháthair. Roinnt blianta ó shin nuair a bhí an cóineartú i mBaile Dhún na nGall chas sé le bean rialta a raibh an sloinneadh Mc Gill uirthi agus nuair a d’fhiafraigh sé di faoi Miss Mc Gill, a mhúinteoir, chuir sí in iúl dó gurb í a haintín a bhí ag teagasc sna Dúnaibh. Cha raibh Gaeilge ar bith ag Pilib nuair a chuaigh sé ‘na scoile mar nach Seo Miss McGill, an bhean a theagasc Pilib i nDoire a ’ Chasáin An siopa os cionn na céidhe Buíon Cheoil Ros Goill. Tá Pilib ar a fheadóg, an dara duine ó dheis sa chéad líne.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3