Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 32 raibh Gaeilge ar bith ag a athair ná ag a mháthair. Ach bhí sé tumtha sa teanga i nDóire a’ Chasáin agus cha raibh sé i bhfad go raibh an Ghaeilge ar a theanga aige. Dar ndóigh bhí sé sa bhanna ceoil fosta agus bhíodh siad amuigh ar ócáidí móra sa cheantar. Is cuimhin leis nuair a tháinig an Taoiseach Éamonn De Valera leis an choláiste a fhoscailt, ócáid mhór don cheantar a bhí anseo agus is cuimhin leis fosta go raibh siad amuigh nuair a tháinig Fr. Brown ‘na bhaile mar shagart. Jack Mac Pháidín a bhí mar phríomhoide ag an am agus bhí na hardranganna faoina chúram. Ina bhliain dheireanach rinne sé an scrúdú do na coláistí ullmhúcháin agus d’éirigh leis, ach cha raibh a intinn déanta suas aige go fóill caidé bhí shúil aige déanamh. An Scairt don Sagartacht. Cé gur smaoinigh Pilib go minic faoin sagartacht cha raibh sé cinnte faoi. Daoine cráifeacha a bhí ina thuismitheoirí, dúirt siad an paidrín achan oíche agus comh maith le bheith ag dul ar Aifreann an Domhnaigh théadh a athair, go minic, go dtí an aifreann i gCarraig Airt i rith na seachtaine fosta. Bhíodh sé fhéin mar fhriothálaí Aifrinn go minic ar an Domhnach, bhíodh an t-aifreann thíos i Scoil Dhoire a’Chasáin ag a 10 a chlog. Bhíodh an tAth. Philib abhus as Glaschú ar saoire agus bhíodh an t-aifreann acu sa teach agus ba ghnách le Fr.Sweeney a theacht na bhaile ar saoire, bhíodh seisean ag fanacht ag a dheartháir a raibh cónaí air darna doras. Bhí tionchar ag seo ar fad é a chur i dtreo na sagartachta. Bhí sé i gcónaí iontach buíoch as an deashampla a fuair sé sa bhaile agus as an dóigh a deachaigh seo go mór i gcion air i rith a shaoil. Mar sin de bhí sé nádúrtha go mbeadh sé ag smaoineamh ar an sagartacht ach cha raibh a intinn déanta suas aige. Ansin lá amháin tháinig Fr.Brown isteach (Féach eagrán 54, Guth Ghoill) agus is cinnte gur chuir seo cor ina chinniúint. Rinneadh Fr.Brown a oirniú tamall roimhe sin agus bhí sé ag tabhairt ruaig thart ar thithe na paróiste. Labhair sé le Pilib fá caidé bhí shúil aige déanamh agus d’inis Pilib dó nach raibh a intinn déanta suas aige faoi aon rud. Ansin mhol Fr.Brown dó a dhul go dtí an choláiste a bhí ag na Cairmilítigh i mBaile na Martra (Castlemartyr) i gCo. Chorcaigh, ba seo an áit a bhí sé fhéin.Rinneadh seo a phlé; rinneadh na socruithe agus is go Corcaigh a chuaigh Pilib. Ar an mheánscoil i mBaile na Marta. Pilib ar an chéad duine ar chlé ar cúl.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3