Guth Ghoill, Eagrán 68
Eagrán 68 Nollaig 2020 33 Baile na Martra. (Castlemartyr). Mí Meán Fómhair 1953 thug Pilip aghaidh ar Chorcaigh. Cha raibh sé imithe as baile ná amuigh as an Chontae ariamh roimhe sin ach char chuir seo isteach barraíocht air. Ach san am chéanna nuair a d’fhág sé Carraig Airt ina dhiaidh agus tamall den turas curtha thairis aige mhothaigh sé go raibh sé ar an bhealach ar a chuid fhéin don chéad uair agus cha raibh fhios aige caidé a bhí roimhe. Ach ansin ar an traein chas sé le gasúraí eile as an chontae seo agus ó chontaetha eile a bhí ar an ród céanna leis fhéin agus mhaolaigh seo an chumhaidh. Nuair a shroich siad Baile Átha Cliath bhí sagart ina n-airicis ansin, thug sé na gasúraí uilig fá choinne béile agus chuir sé iad ar an traein ag Kingsbridge a bhéarfadh iad go Corcaigh. D’imigh an traein ag tormáil fríd an dorchadas agus bhí na gasúraí fhéin sa dorchadas mar nach raibh a fhios acu cá raibh a dtriall; turas isteach sa dorcha- das a bhí ann ar achan dóigh. Bhí sé mall san oíche nuair a shroich siad Corcaigh. An Choláiste. Thart fá ceithre fichid mac léinn ar fad a bhí sa choláiste. Cha raibh duine ar bith eile ón pharóiste ansin ach bhí stócaigh as áiteacha eile sa chontae seo agus ó chontaetha eile ar fud na tíre ach tháinig a mbúnús ó Chorcaigh agus ó Chiarraí. Thaitin an choláiste go mór leis, cha raibh córas dian i bhfeidhm ann mar a bhí i gColáistí eile na linne sin ag an am. Bhí peil ghaelach, iománaíocht agus liathróid láimhe mar chaitheamh aimsire acu agus ansin tógadh cúirt leadóige, rud a chur lúchair air mar gur thaitin leadóg leis. Mheas sé nach raibh sé fisiciúil go leor don pheil ná don iománaíocht. Fuair siad amach go cáthair Chorcaigh in amanna fosta agus is cinnte gur thaitin seo leis mar go raibh sé ábalta ‘fish and chips’ a bheith aige! Ba ghnáth leo fosta a dhul ar thuras lae achan bhliain agus bhíodh siad ag ceol ar an bhus agus is cuimhin leis gur mhaith le muintir Chorcaigh ‘The Banks of my own Lovely Lee’ a chanadh. Ansin nuair a thagadh sé go dtí an curfá san amhrán, ina gceolfaí an líne sin, ba ghnáth leis na mic léinn nárbh as Corcaigh iad ‘athrú beag’ a dhéanamh ar an líne sin agus cheolfadh siad: ‘On the banks of my own Dirty Lee’. Pilib ar an ardán i gceoldráma ar an mheánscoil.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3