Guth Ghoill, Eagrán 68

Eagrán 68 Nollaig 2020 34 Ba ghnáth leis páirt a bheith aige fosta sna ceoldrámaí a bhíodh acu ansin achan bhliain i dtrátha na Nollag. Tháinig deireadh lena shaol ar an mheánscoil 1958 nuair a rinne sé an Ard-Teist. I nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath. Ceathrar as a rang -- fear as Gaillimh, Ua Fáile, Ciarraí agus Pilib é fhéin, a shocraigh go leanfadh siad ar aghaidh lena dturas i dtreo na sagartachta agus thug an chéad chuid eile den turas seo iad go Baile Locha Riach (Loughrea) i gCo. Na Gaillimhe. Bhí main- istir ag na Cairmilítigh anseo agus ba anseo a rinne siad a nóibhíseacht (novitiate), tréimhse bliana a bhí orthu a chaitheamh anseo, áit a ndearnadh iad a ullmhú don saol a bhí rompu in Ord na gCairmilíteach. Ba seo bliain a bhí dian go leor mar nach raibh mórán caidrimh leis an saol taobh amuigh agus leoga cha raibh mórán caidrimh idir na mic léinn iad fhéin ach oiread mar go raibh tréimhsi fada ciúnais ann i rith an lae. Théadh siad a luí measarhta luath ach chuirfí iad ina suí arís ag meán oíche le tuilleadh paidreacha a rá. Bhí orthu rialacha agus dóigheanna na gCairmilíteach a fhoghlaim, bhí sé dúshlánach ach bhí saol na n-ord naofa dian ag an am sin. Nuair a bhí an bhliain curtha isteach ag Pilib i mBaile Locha Riach bhí air a dhul go Baile Átha Cliath chun trí bliana a chaitheamh ag staidéar na fealsúnachta (philosophy).I ndiaidh dó na trí bliana staidéir sin a bheith déanta aige bhí ceithre bliana eile le déanamh aige ag staidéar na diagachta (theology) agus de ghnáth bhí orthu seo a dhéanamh i mBaile Átha Cliath fosta ach tugadh cuireadh do Pilib an staidéar seo a dhéanamh sa Róimh. Sa Róimh. ‘Sé an riail a bhí ann ná, nuair a Mainistir na gCairmilíteach i mBaile Loch Riach áit ar chath sé bliain mar noibhíseach Pilib mar nóibhíseach i mBaoile Loch Riach Cearnóg Naomh Peadar sa Róimh

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3